Maoiniú ó Fháilte Éireann
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Riarann Fáilte Éireann scéimeanna deontas caipitil chun táirgí turasóireachta a fhorbairt. Tá a Scéim Deontais le haghaidh Mórthionscadal Turasóireachta dírithe ar mhórthionscadail nuálacha turasóireachta agus faoin scéim sin, íoctar amach deontais idir €200,001 agus €5 mhilliún. Tá roinnt scéimeanna deontas beag ar bun ag Fáilte Éireann freisin a íocann amach deontais idir €10,000 agus €200,000.
Trí réimse scéimeanna maoinithe, tugann Fáilte Éireann tacaíocht agus chun Éire a chur chun cinn mar cheann scríbe turasóireachta ardchaighdeáin agus iomaíoch.