Rannpháirtíochta lucht spéise 2020
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 5 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an Scéim forchoimeádta d'iarsmalanna beaga, réigiúnacha agus sain-iarsmalanna seachbhrabúsach nach bhfuil maoiniú curtha ar fáil ag an gComhairle Ealaíon dóibh.
Cuireann na comhlachtaí go mór leis an bhforbairt a dhéantar ar an méid atá in Éirinn ó thaobh turasóireacht cultúir de agus é sin a chur chun cinn, ar mhaithe leis an turasóir ón mbaile agus an turasóir ó thír i gcéin agus léiríonn seo gné thábhachtach maidir le gealltanais tuarasóireachta cultúir a thugtar i gClár an Rialtais a sheachadadh.
Tá uasmhéid an chistithe in aghaidh gach iarratasóir beartaithe a bheith thart ar €20,000.
Tá trí ghné ag baint le seachadadh na scéime:
- cur chuige nua a chur ar fáil i ndáil le bheith i dteagmháil le lucht spéise arís, go fisiciúil agus ar líne
- tairiscint nua cultúir nó athfhorbartha ó d'eagraíocht a chur ar fáil (ní dhéanfaidh an scéim seo foráil do threalamh caipitil)
- acmhainní ar líne agus rannpháirtíocht ar na meáin shóisialta a fheabhsú agus a fhorbairt
Is do thionscadail reatha maoinithe an scéim seo agus ní d'fháltas ná do threalamh caipitil.
Ní féidir le hiarratasóirí ach iarratas amháin a dhéanamh faoin Scéim seo. Ní féidir iarratas a dhéanamh ar thionscadal ar a rinneadh iarratas ina leith faoi Scéim Ranna eile.
Tá sonraí maidir le scéim na bliana seo le fáil anseo.
Bain úsáid, le do thoil, as an bhfoirm iarratais atá ar fail.