Treoirlínte maidir le hIarratas a dhéanamh ar Mhaoiniú faoin gClár Caipitiúil Spóirt
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá sé mar aidhm ag an gClár Caipitiúil Spóirt cur chuige comhtháite agus pleanáilte a chothú maidir le saoráidí spóirt agus aclaíochta áineasa a fhorbairt ar fud na tíre.
Is féidir le heagraíochtaí an tairseach a úsáid chun a spéis sa Chlár Caipitiúil Spóirt a chlárú, chun iarratas a dhéanamh ar an maoiniú agus chun bainistiú a dhéanamh ar tharraingt anuas deontas nua a leithdháiltear i ndiaidh 2013.
Tríd an nasc thíos, is féidir rochtain a fháil ar eolas maidir leis an gClár Caipitiúil Spóirt, an fhoirm iarratais san áireamh.
Is féidir le húsáideoirí cláraithe ceisteanna a chur agus freagraí a fháil i ndáil leis an gClár Caipitiúil Spóirt.