An tAthbhreithniú ar Riaradh an Cheartais Shibhialta
Déanfaidh an Grúpa Athbhreithnithe athruithe a mholadh d’fhonn feabhas a chur ar rochtain ar cheartas sibhialta sa Stát, luathréiteach díospóidí a chur chun cinn, costais dlíthíochta a laghdú, córas níos freagrúla agus níos comhréirí a chruthú, agus torthaí níos fearr a chinntiú d’úsáideoirí cúirte.
Ar an suíomh Gréasáin seo, gheobhaidh tú faisnéis a bhaineann le bunú an Athbhreithnithe, le téarmaí tagartha obair an Ghrúpa Athbhreithnithe, le ballraíocht an Ghrúpa Athbhreithnithe, le hiarrataí ar aighneachtaí chuig an nGrúpa Athbhreithnithe, agus le foilseacháin a bhaineann le hobair an Ghrúpa Athbhreithnithe.
Dá mba mhaith leat teagmháil a dhéanamh leis an nGrúpa Athbhreithnithe, seol ríomhphost chuig submissions@civiljusticereview.ie
-
Ó: An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce ; Athbhreithniú ar Cheartas Sibhialta
- Foilsithe: 10 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 10 Feabhra 2026