Maidir linne

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Maidir linne

Tá riaradh an cheartais shibhialta in Éirinn díorthaithe go príomha ó reachtaíocht an 19ú haois (go háirithe an Judicature (Ireland) Act 1877), rud ar cuireadh leis nó a coigeartaíodh de réir a chéile thar na blianta.

I mí an Mhárta 2017, fógraíodh go mbunófaí Grúpa faoi chathaoirleacht ag an mBreitheamh Onórach Peter Kelly, Uachtarán na hArd-Chúirte, chun athbhreithniú agus athchóiriú a dhéanamh ar riaradh an cheartais shibhialta sa Stát.

Tá an Grúpa le tuairisc a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt agus athruithe a mholadh d’fhonn feabhas a chur ar rochtain ar cheartas sibhialta sa Stát.

Is é aidhm an Athbhreithnithe scrúdú a dhéanamh ar riaradh reatha an cheartais shibhialta sa Stát d’fhonn:

  • Feabhas a chur ar rochtain ar cheartas;
  • Costas na dlíthíochta a laghdú, lena n-áirítear costais don Stát;
  • Nósanna imeachta agus cleachtais a fheabhsú chun éisteachtaí tráthúla a chinntiú;
  • Rialacha nós imeachta atá as dáta, neamhriachtanach nó róchasta a bhaint;
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar dhlí an fhollasaithe;
  • Modhanna malartacha chun díospóidí a réiteach a spreagadh;
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar úsáid modhanna leictreonacha cumarsáide, lena n-áirítear ríomhdhlíthíocht;
  • Scrúdú a dhéanamh ar a mhéid ba cheart pléadálacha agus aighneachtaí agus doiciméid chúirte eile a bheith ar fáil nó inrochtana ar an Idirlíon;
  • Sainaithint a dhéanamh ar bhearta chun torthaí níos éifeachtaí a bhaint amach d’úsáideoirí cúirte, agus béim ar leith á leagan ar úsáideoirí leochaileacha cúirte lena n-áirítear leanaí agus daoine óga, dlíthithe atá ar bheagán airgid agus nach bhfuil incháilithe le haghaidh cúnamh dlíthiúil sibhialta, agus coimircithe cúirte

Níl nithe Dlí Teaghlaigh ar áireamh i sainchúram an Ghrúpa toisc gur ann cheana féin do rún a fógraíodh go poiblí ón Rialtas reachtaíocht nuachóirithe a thabhairt chun cinn i riocht Bhille na gCúirteanna Teaghlaigh.

Tá an togra ag teacht le gealltanais Chlár an Rialtais, a n-áirítear leo:

  • “Ní mór do chóras nua-aimseartha dlí a bheith in ann freagairt do luachanna agus dearcthaí athraitheacha ár sochaí, saincheisteanna a réiteach agus comhionannas a chur chun cinn. Trí chlár forásach um athchóiriú an dlí a chur chun feidhme, is féidir linn ár mBunreacht, an smacht reachta agus ár gcóras ceartais a neartú ar mhaithe le gach duine;
  • Coimisiúnóimid staidéar bliantúil ar éifeachtúlacht cúirte agus ar amanna suí, a dhéanfar a thagarmharcáil in aghaidh caighdeáin idirnáisiúnta, chun tomhais chruinne a sholáthar ar mhaithe le feabhas a chur ar rochtain ar cheartas; agus
  • Molfaimid reachtaíocht chun moilleanna iomarcacha ar thrialacha agus ar imeachtaí cúirte a laghdú, lena n-áirítear éisteachtaí réamhthrialach.”

Tá na baill seo a leanas sa Ghrúpa Athbhreithnithe:

Peter Kelly, Uachtarán An Ard-Chúirt (Cathaoirleach)
An Breitheamh Onórach Liam McKechnie An Chúirt Uachtarach  
An Breitheamh Onórach Mary Irvine An Chúirt Achomhairc  
An Breitheamh Onórach Leonie Reynolds An Ard-Chúirt  
An Breitheamh Onórach Francis Comerford An Chúirt Chuarda  
An Breitheamh John Brennan An Chúirt Dúiche  
An tUas. John Shaw Roinn an Taoisigh  
An tUas. Conan McKenna An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais  
An tUas. John Burke An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe  
An tUas. Feargal Ó Dubhghaill Oifig an Ard-Aighne  
Ciara Murphy Uas. Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit  
An tUas. Paul McGarry Comhairle Bharra na hÉireann  
An tUas. Stuart Gilhooly Dlí-Chumann na hÉireann  
An tUas. Noel Rubotham An tSeirbhís Chúirteanna  
Nicola Kelly Uas. An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (Rúnaí)
Mary Kelly Uas. An tSeirbhís Chúirteanna (Rúnaí)

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat