Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Scoileanna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fógra Suas Chun Dáta 22 Iúil 2021: Tairseach Tusla
Tá curtha in iúl ag Tusla don Roinn go bhfuil Tairseach Ar Líne Tusla le tuairisiú a dhéanamh maidir le hábhair imní um chosaint leanaí ag feidhmiú arís. Más mian leat teagmháil a dhéanamh go díreach le Tusla le plé a dhéanamh maidir le hábhair imní um chosaint leanaí, is féidir teacht ar na huimhreacha is mó suas chun dáta ag https://www.tusla.ie/get-in-touch/local-area-offices/ . Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le ceannoifig Tusla freisin ag (01)771-8500
Is féidir leat Foirm Tuairisce um Chosaint agus Leas Leanaí a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Tusla .
Baineann na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Scoileanna le gach bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta agus do bhaill foirne uile na scoile.
Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna (athbhreithnithe 2023)
Ó foilsíodh Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Scoileanna, tá Tairseach slán ar líne forbartha agus curtha i bhfeidhm ag TUSLA le tuairisciú a dhéanamh maidir le hábhair imní um chosaint leanaí. Leis an Tairseach seo anois is féidir leat cóip den tuairisc a cuireadh isteach a phriontáil.
Dá réir sin, nuair atá ábhar imní á thuairisciú chuig TUSLA faoi na Nósanna Imeachta seo, ba chóir Tairseach TUSLA ag Tusla portal
Nuair a chuirtear an tuairisc isteach trí Thairseach TUSLA, ní mór cóip den tuairisc a phriontáil agus a choinneáil i gcomhréir le riachtanais na Nósanna Imeachta.
Tá tuilleadh eolais maidir leis an tairseach a úsáid ar fáil ar https://www.tusla.ie/children-first/web-portal/
Riachtanais nuashonraithe maidir leis an Tuarascáil Maoirseachta um Chosaint Leanaí is gá don bhord bainistíochta
Is é cuspóir an nóta faisnéise seo breac-chuntas a thabhairt ar na riachtanais nuashonraithe maidir leis an Tuarascáil Maoirseachta um Chosaint Leanaí is gá don Phríomhoide a sholáthar don bhord bainistíochta, agus ag féachaint don éigeandáil leanúnach sláinte poiblí.
Leagtar amach sna Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna 2017 (dá ngairtear na nósanna imeachta anseo feasta) ceanglais shonracha maoirseachta a bhaineann le gach bord bainistíochta scoile, lena n-áirítear maidir le Tuarascáil Maoirseachta um Chosaint Leanaí atá le soláthar ag Príomhoide na scoile ag gach cruinniú den bhord bainistíochta.
Tar éis dúnadh na scoileanna i Márta 2020, chuir an Roinn in iúl do na scoileanna nach mbeadh feidhm ag an gceanglas Tuarascáil Maoirseachta um Chosaint Leanaí (CPOR) a sholáthar maidir le cruinnithe boird a thionólfar go cianda. Ba amhlaidh toisc nár cheap sé gur féidir i gcomhthéacs cruinnithe den sórt sin an riachtanas a chomhlíonadh chun an doiciméadacht shonraithe a sholáthar don bhord ar an mbealach slán agus rúnda a éilíonn na nósanna imeachta. Chuir an Roinn in iúl ag an am gur cheart do Phríomhoidí leanúint de na sonraí agus na taifid ábhartha a choinneáil ionas go bhféadfaí an CPOR a sholáthar ag an gcéad chruinniú duine le duine eile den bhord agus go gcaithfidh na sonraí sa chéad tuarascáil eile cásanna a léiriú a tháinig chun solais ó soláthraíodh an CPOR deireanach don bhord.
I gcomhthéacs athoscailt na scoileanna agus ag féachaint don éigeandáil leanúnach sláinte poiblí, is iad seo a leanas na riachtanais nuashonraithe maidir leis an Tuarascáil Maoirseachta um Chosaint Leanaí is gá don Phríomhoide a sholáthar don bhord bainistíochta -
Caithfear cruinniú duine le duine den bhord a thionól uair amháin ar a laghad i ngach téarma scoile d’fhonn tuarascáil CPOR mar aon leis na cáipéisí riachtanacha tacaíochta a sholáthar don bhord agus chun go n-atosóidh an bord agus go leanfaidh sé dá ról tábhachtach maoirseachta maidir le hábhair imní maidir le cosaint leanaí a thuairisciú de réir na nósanna imeachta. Meastar gur obair riachtanach é cruinniú Boird chun na críocha seo. Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le cruinniú den sórt sin:
Ní chuirfear tuarascáil CPOR ar fáil ag aon chruinniú boird a thionólfar go cianda ach amháin i gcás nár tháinig aon chásanna chun cinn faoi aon cheann de na ceannteidil atá leagtha amach in ailt 9.5 go 9.7, ó cuireadh an CPOR deireanach ar fáil don bhord, lena n-áirítear na nósanna imeachta. Is é seo an t-aon eisceacht ón riail ghinearálta a thoirmisceann soláthar an CPOR ag cruinnithe iargúlta. Rinneadh an eisceacht seo toisc nach n-éilíonn na nósanna imeachta go soláthrófar aon doiciméadacht tacaíochta in imthosca nach bhfuil aon chásanna faoi ailt 9.5 go 9.7 go huile san áireamh sa CPOR.
Tá na doiciméid/teimpléid tacaíochta a leanas ar fáil do scoileanna lena n-úsáid chun na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí a chur i bhfeidhm. Tá cuid de na teimpléid sin éigeantach lena n-úsáid agus tá cuid acu roghnach.
Ní mór do scoileanna úsáid a bhaint as na teimpléid maidir le Ráiteas um Chumhdach Leanaí agus Measúnú Riosca.
Tugadh na teimpléid seo suas chun dáta ar an 29ú Márta 2021. Tá Teimpléad Éigeantach 1 agus Teimpléad Éigeantach 2 curtha le chéile anois ionas go mbeidh measúnú riosca san áireamh sa Ráiteas um Chosaint Leanaí atá ina riachtanas reachtaíochta.
Ba chóir do scoileanna na teimpléid suas chun dáta a úsáid nuair atá athbhreithniú á dhéanamh ar a Ráiteas um Chosaint Leanaí. Tá sé tábhachtach nach ndéantar athbhreithniú gach bliain ach go ndéantar é má bhíonn aon athrú ábhair a ndéanann an ráiteas tagairt dó nó má tharlaíonn eachtra shuntasach maidir le cosaint.
Tar éis an t-athbhreithniú ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí a chur i gcrích, ba chóir dáta an athbhreithnithe a chur ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí. Tabhair faoi deara le thoil go bhfuil sé seo riachtanach fiú mura ndearnadh aon athrú ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí tar éis an athbhreithnithe.
Teimpléad um Measúnú Riosca maidir le Cumhdach Leanaí
Teimpléad Éigeantach 1 (Leagan tírdhreacha)
Seicliosta le haghaidh Athbhreithnithe ar an Ráiteas um Chumhdach Leanaí
Teimpléad Éigeantach 2
Fógra maidir le hathbhreithniú an Bhoird Bainistíochta ar an Ráiteas um Chumhdach Leanaí
Teimpléad Éigeantach 3
Fógra maidir le hathbhreithniú an Bhoird Bainistíochta ar an Ráiteas um Chumhdach Leanaí (SC)
Tá roinnt teimpléad roghnach arna bhforbairt ag an Roinn ar féidir le Scoileanna iad a úsáid:
Taifead de conas a tháinig an líomhain agus/nó an t-ábhar imní chun feasa an Duine Idirchaidrimh Ainmnithe agus taifead ar ghlao gutháin an Duine Idirchaidreamh Ainmnithe ag lorg comhairle ar Tusla (Ailt 5.1.1 agus 5.3.3)
Teimpléad Roghnach A
Ráiteas teimpléid ón Duine Idirchaidrimh Ainmnithe le duine de bhall foirne phearsanra na scoile maidir leis na fáthanna nach ndearnadh tuarascáil do Tusla (Alt 5.3.8 de na Nósanna Imeachta)
Teimpléad Roghnach B
Teimpléad d’fhógra scíofra ón Duine Idirchaidrimh Ainmnithe chuig tuismitheoir ag cur in iúl do thuismitheoir/cúramóir go bhfuil tuairisc á déanamh maidir lena leanbh (Alt 5.3.6 de na Nósanna Imeachta)
Teimpléad Roghnach C
Teimpléad d’fhógra i scríbhinn ón Duine Idirchaidrimh Ainmnithe chuig tuismitheoir i gcás inar thóg tuismitheoir ábhar imní maidir le cosaint leanaí i gcoinne dhuine de bhaill foirne na scoile (Alt 5.6.2 de na Nósanna Imeachta)
Teimpléad Roghnach D
Teimpléad de Sheicliosta chun Tuarascáil Maoirseachta ar Chosaint Leanaí an Phríomhoide a ullmhú
Teimpléad Roghnach E:
Teimpléad chun doiciméid a thaifeadadh arna soláthar don Bhord Bainistíochta mar chuid den Tuarascáil Maoirseachta ar Chosaint Leanaí an Phríomhoide
Teimpléad Roghnach F
Ina theannta sin, tá roinnt doiciméad tacaíochta arna bhforbairt ag an Roinn a bhféadfadh scoileanna tagairt a dhéanamh dóibh:
Nóta Treorach 1: Seicliosta Cumarsáide – Ráiteas um Chosaint Leanaí (Ailt 8.11 agus 8.13.6 de na Nósanna Imeachta)
Cosanta leanaí tacaíocht do scoileanna
Nóta Treorach 2: Seicliosta Cháschomhad maidir le Cosaint Leanaí
Cosanta leanaí tacaíocht do scoileanna
Nóta Treorach 3: Cóid uathúla nó sraithuimhreacha a úsáid
Cosanta leanaí tacaíocht do scoileanna
Nóta Treorach 4: Maoirseacht an Bhoird ar chásanna cosanta leanaí a thaifeadadh ina chuid miontuairiscí
Ceisteanna Coitianta maidir le Tuarascáil an Phríomhoide um Maoirseacht ar Chosaint Leanaí
Cosanta leanaí tacaíocht do scoileanna
Ba cheart ceisteanna ginearálta maidir leis na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna 2017 a sheoladh chuig an Roinn ag childprotection@education.gov.ie