Beartas príobháideachais
- Foilsithe: 16 Iúil 2018
- An t-eolas is déanaí: 14 Bealtaine 2025
- Ráiteas Príobháideachais
- Bailiú agus úsáid na faisnéise pearsanta
- Faisnéis a bhailímid go rialta
- An úsáid a bhainimid as an bhfaisnéis seo
- Fianáin
- Fianáin ar an suíomh gréasáin seo
- Tuilleadh eolais agus chun iarraidh a dhéanamh
Ráiteas Príobháideachais
Is í Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais, an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, a dhéanann an suíomh gréasáin a chothabháil thar ceann ranna rialtais. Tá ardmheas ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe ar do chearta chun príobháideachais, agus ní bhaileoidh aon fhaisnéis phearsanta ort ar an suíomh gréasáin seo gan cead soiléir follasach uait.
I dtaca le haon fhaisnéis a dheonófá, caithfear léi go sábháilte agus faoi rún daingean i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2018 agus leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).
Baineann an ráiteas seo lenár gcuid cleachtas príobháideachais i dtaobh an tsuímh gréasáin seo. Tá míniú ar chuid de na téarmaí teicniúla atá in úsáid sa ráiteas seo ag bun an leathanaigh.
Bailiú agus úsáid na faisnéise pearsanta
Ní bhailíonn an suíomh gréasáin seo aon fhaisnéis phearsanta, seachas an fhaisnéis sin a dheonaíonn tú, nuair a thugann tú aiseolas nó nuair a chláraíonn tú le fógra a fháil faoi chomhairliúchán, mar shampla.
Ní úsáidtear aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú ar an mbealach seo ach ar an gcúis atá sonraithe léi. I dtaca leis na cineálacha eile faisnéise a bhailítear maidir le cuairteoirí ar an suíomh gréasáin, féach thíos.
Faisnéis a bhailímid go rialta
D’fhéadfadh sé go mbaileoimis an fhaisnéis seo a leanas ó gach úsáideoir de chuid an tsuímh seo:
- faisnéis staitistiúil (seoladh IP agus óstainm, leagan an bhrabhsálaí gréasáin, leathanaigh ar ar tugadh cuairt agus mar sin de)
- an seoladh suímh gréasáin ónar tháinig tú chugainn lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh
An úsáid a bhainimid as an bhfaisnéis seo
Úsáidimid an fhaisnéis seo chun anailís a dhéanamh ar phatrúin úsáide an tsuímh gréasáin d’fhonn éifeachtacht an tsuímh gréasáin a fheabhsú. Ní dhéanfaimid aon iarracht cuairteoirí aonair a shainaithint agus ní cheanglóimid na sonraí teicniúla atá leagtha amach thuas le haon úsáideoir aonair.
Tá sé de pholasaí againn gan a leithéid d’fhaisnéis maidir le cuairteoirí faoi leith ar an suíomh gréasáin a nochtadh d’aon tríú páirtí ach amháin má tá sonraithe go ndéanfar a leithéid, nó má bhímid faoi cheangal an fhaisnéis sin a nochtadh mar gheall ar riail dlí.
Fianáin
Is píosaí beaga d’fhaisnéis iad fianáin, a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs, a chuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire. Féadann an suíomh gréasáin roinnt fianán a léamh nuair a thagann tú ar ais chuig an suíomh. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh an fhaisnéis a bheadh stóráilte i bhfianán le do chuid gníomhaíochtaí brabhsála ar an suíomh, nó gur aitheantóir uathúil a bheadh ann le go bhféadann an suíomh ‘cuimhneamh’ ort nuair a thagann tú ar ais. Tá fianáin eile ann a scriostar nuair a dhúnann tú an brabhsálaí agus ní bhaineann siad ach amháin le feidhmiú an tsuímh gréasáin. Ní chuimsíonn na fianáin ar gov.ie aon fhaisnéis phearsanta as a bhféadfaí tú a shainaithint.
Fianáin ar an suíomh gréasáin seo
Ligeann formhór na mbrabhsálaithe duit fianáin a mhúchadh nó do chuid socruithe fianán a shaincheapadh. Le heolas a fháil ar an mbealach leis seo a dhéanamh, féach an roghchlár ‘Cabhair/Help’ ar do bhrabhsálaí. Bíodh a fhios agat, má mhúchann tú fianáin nó má athraíonn tú do chuid socruithe, go bhféadfadh sé nach bhfeidhmeodh roinnt gnéithe den suíomh gréasáin mar is ceart.
Úsáideann an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe fianáin chun staitisticí a bhailiú ar bhonn anaithnid agus leis an suíomh a chosaint ar ionsaí mailíseach.
Fianáin gov.ie
Nuair a chéadthugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin seo, socraítear an fianán csrftoken. Is fianán céad-pháirtí é seo.
- Ainm an Fhianáin: csrftoken
- Am Éaga: 365 lá ón gcuairt dheireanach
- Cur síos: Úsáidtear an fianán seo chun críche slándála leis an suíomh a chosaint ar ionsaí mailíseach
Matomo Analytics
Le tuiscint níos fearr a fháil ar úsáid an tsuímh, agus meas againn ar phríobháideachas úsáideora, bainimid feidhm as Matomo Analytics, réiteach anailísíochta féinóstáilte. Oibríonn Matomo gan fianáin a shocrú agus úsáideann rianú gan fianáin chun sonraí anaithnide a bhailiú ar iompraíocht úsáideoirí. Ní stóráiltear ná ní rianaítear aon fhaisnéis phearsanta inaitheanta maidir le do chuid gníomhaíochtaí brabhsála ar ár suíomh gréasáin.
Tuilleadh eolais agus chun iarraidh a dhéanamh
Má tá tú buartha faoin gcaoi a bpróiseáiltear faisnéis phearsanta tríd an suíomh gréasáin seo, ná bíodh aon leisce ort na buarthaí seo a chur faoinár mbráid. Lena dhéanamh seo, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí na Roinne Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe ag dataprotection@per.gov.ie
I gcás na n-eagraíochtaí a úsáideann an tseirbhís FormsIE, tá an ráiteas príobháideachais seo ceaptha le tú a chur ar an eolas faoin bhfaisnéis ar féidir í a bhailiú agus an chaoi a mbainfear úsáid aisti.
Bailiú agus úsáid na faisnéise pearsanta
Éascaíonn ardán FormsIE cruthú na bhfoirmeacha gréasáin bailithe sonraí d’Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais thar ceann eagraíochtaí seirbhíse poiblí. Is comhéadan bailithe faisnéise iad FormsIE ó nádúr agus ní stórálann siad féin aon fhaisnéis.
Nóta: Nuair a úsáideann tú seirbhís de chuid FormsIE, is féidir go mbaileofaí an fhaisnéis phearsanta seo a leanas:
- Eolas Teagmhála: ainm, seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin agus seoladh
- Freagairtí Foirme: aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú agus foirmeacha a cruthaíodh leis an tseirbhís seo á gcomhlánú agat
Mar a úsáidimid do chuid faisnéise
Is é is cuspóir leis an tseirbhís seo ná ardán simplí slán so-úsáidte a sholáthar d’eagraíochtaí le meicníocht a chur ar fáil chun sonraí a bhailiú do sheirbhísí poiblí d’fhonn an bailiú sonraí agus an soláthar seirbhíse acu a chuíchóiriú.
D’fhéadfadh sé go n-úsáidfí an fhaisnéis a sholáthraíonn tú ar na cúiseanna a leanas:
- chun seirbhís na heagraíochta a chur ar fáil agus a fheabhsú: chun an tseirbhís a oibriú, a chothabháil agus a fheabhsú, agus chun tacaíocht do chustaiméirí a sholáthar
- le cumarsáid a dhéanamh leat: le nuashonruithe, fógraí agus faisnéis eile maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an tseirbhís a chur chugat
Bunús dlí
Bíonn an bunús dlí a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí á rialú ag freagracht an rialaitheora sonraí, sonraí a bhailiú chun seirbhísí poiblí a sholáthar, mar aon le chun críche a leasanna dlisteanacha. Ba cheart don rialaitheoir sonraí an reachtaíocht infheidhme a leagan amach i ngach cás. Ba cheart go gcuirfí in iúl don duine is ábhar do na sonraí cuspóir an bhailithe sonraí sa soláthar seirbhíse acu, féach an suíomh iomchuí le níos mó eolais a fháil. Mar atá sonraithe thuas, ní stórálann Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais féin aon sonraí.
Brabhsálaí idirlín
An bogearra a úsáideann tú le leathanaigh ghréasáin a léamh. Ar shamplaí de bhrabhsálaithe, bheadh Microsoft Internet Explorer, Mozilla Firefox, Chrome agus Opera.
Seoladh IP
Na sonraí aitheantais de chuid do ríomhaire (nó ríomhaire do chomhlachta idirlín), arna leagan amach i gcód prótacail idirlín (mar shampla, 192.168.72.34). Tá seoladh IP uathúil ag gach uile ríomhaire atá ceangailte den idirlíon, cé nach gá gurb ionann an seoladh gach uair a dhéantar ceangal.