Jack Chambers
Ó An Roinn Iompair; An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Iompair; An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Jack Chambers ina Aire Stáit ag an Roinn Iompair le freagracht speisialta as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair agus Lóistíocht; agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide le freagracht speisialta as Beartas Poist.
TD de chuid Fhianna Fáil é in Iarthar Bhaile Átha Cliath. Toghadh chun na Dála é san olltoghchán i bhFeabhra na bliana 2016, an chéad uair riamh a rith sé, agus toghadh arís é in olltoghchán na bliana 2020. Sular togha chun na Dála é, ba Chomhairleoir le Comhairle Contae Fhine Gall é chomh maith le bheith ina Leas-Mhéara.
Bhí sé ina bhall gníomhach ar choistí éagsúla Oireachtais, lena n-áirítear an Coiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, an Coiste Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an coiste um Athchóiriú an tSeanaid.
Cé gur i nGaillimh a rugadh Jack, bhog sé go hIarthar Bhaile Átha Cliath ag aois óg.
Is Dochtúir Leighis é agus rinne sé staidéar ar Leigheas san RCSI. Tá céim onóracha aige sa Dlí agus san Eolaíocht Pholaitiúil ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.