Leathanach gréasáin comhairliúcháin EPSEN
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá an comhairliúchán á athbhreithniú
Tá an Roinn Oideachais i mBun athbhreithnite ar an Education for Persons with Special Educational Needs (EPSEN) Act 2004.
Sí aidhm na hathbreithnithe seo ná gealltanas a thabhairt go bhfuil an dlí maidir le soláthar oideachais do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu sásúil. Tá seo tábhachtach chun leasa na bpáistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus a dteaghlach a chosaint, agus chun cinntiú go bhfuil an Stát in ann pleanáil d’oideachas cuí do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Mar chuid den Athbhreithniú ar an Acht EPSEN 2004, tugaimid cuireadh anois do leanaí agus do dhaoine óga de GACH cumas páirt a ghlacadh i ngrúpaí fócais chun a dtaithí ar an scoil agus ar an oideachas speisialta a roinnt chun cabhrú le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Athbhreithniú ar an Acht EPSEN 2004. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag na naisc seo. Is féidir le tuismitheoirí / caomhnóirí teagmháil a dhéanamh agepsen@ucd.ie chun spéis a léiriú agus treoir a fháil trí na chéad chéimeanna eile.
Táimid anois ag tabhairt cuireadh d’Aosach de GACH cumas páirt a ghlacadh i bhfócasghúpaí mar chuid den Athbhreithniú ar Acht EPSEN 2004 chun a dtaithí ar an scoil agus ar oideachas speisialta a roinnt d’fhonn cuidiú le hathbhreithniú a dhéanamh ar Acht EPSEN 2004. Tá raon leathan páirtithe leasmhara á lorg againn lena n-áirítear tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí agus CRSanna, aosaigh óga a bhfuil a gcuid oideachais le RSO críochnaithe acu, gairmithe agus an pobal i gcoitinne a bhfuil spéis acu san Oideachas Speisialta.
Tá tuilleadh eolais ar fáil thíos.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leepsen@ucd.ie chun spéis a léiriú agus chun treoir a fháil i leith na chéad chéimeanna eile.
Tá an suirbhé ar-líne dúnta.
Is cuid amháin den bpróiseas pleanáilte comhairliúcháin an suirbhé ar-líne. Beidh an próiseas comhairliúcháin fadréimseach, ionas go n-áirítear réimse leathan taithí uathu siúd atá faoi thionchar na reachtaíochta seo.
Tá iarracht mhór á dhéanamh ag an Roinn dul i mbun comhairliúcháin le daltaí atá riachtanais speisialta oideachais acu agus a gcuid dteaghlaigh, idir dhaltaí reatha agus iardhaltaí a bhí i mbun oideachais le linn tréimhse feidhme an achta.
Úsáidfear réimse leathan modhanna comhairliúcháin thar na míonna atá le teacht. Más mian leat páirt a ghlacadh in ócáid comharliúcháin, le do thoil téigh i dteagmháil le epsen@education.gov.ie
Lorgaítear chomh maith tuairimí saineolaithe, ina measc iad siúd atá ag obair in earnáil an oideachais agus iad siúd a thacaíonn le daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Forálann an t-acht um oideachas do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu 2004 (EPSEN) go mbeidh oideachas ar fail do pháistí faoi bun 18 bliana d’aois a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Tá an Rialtas tiomanta go bhfaigheann gach paiste oideachas chun a gcumas a bhaint amach. Chuige sin, tá infheistiú suntasach déanta ag an Stát i réimse tacaíochta do na páistí seo. Mar aon leis seo, tá creatlach cuimsitheach reachtaíochta curtha i bhfeidhm ag an Stát chun cearta oideachasúla na bpáistí seo agus a dteaghlach a chosaint.
Sí aidhm na hathbreithnithe seo ná gealltanas a thabhairt go bhfuil an dlí maidir le soláthar oideachais do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu sásúil. Tá seo tábhachtach chun leasa na bpáistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus a dteaghlach a chosaint, agus chun cinntiú go bhfuil an Stát in ann pleanáil d’oideachas cuí do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Tá Grúpa Stiúrtha, Grúpa Oibre agus Grúpa Comhairliúcháin i bhfeighil ar an bpróiseas athbhreithnithe seo. Is féidir sonraí ballraíochta a fheiceáil thíos.
Páipéar Comhairliúcháin maidir leis an Athbhreithniú ar an Acht Oideachais do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu 2004
Má tá ceist ar bith agat maidir leis an gcomhairliúchán seo, téigh i dteagmháil le epsen@education.gov.ie