Straitéis Oideachais do Phobal an Lucht Siúil agus na Romach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Oideachais ag forbairt Straitéis Oideachais don Lucht Siúil agus do na Romaigh.
Chun bonn eolais a chur faoin straitéis sin, tá críoch curtha anois le Céim 1 de phróiseas comhairliúchán forleathan. Tugadh cuireadh do na daoine go léir ón bpobal a raibh suim acu ann páirt a ghlacadh i suirbhé ar líne. Chuir an Roinn fáilte ar leith roimh thuairimí scoláirí agus tuismitheoirí de chuid an Lucht Siúil agus na Romach agus ó phobail an Lucht Siúil agus na Romach i gcoitinne.
Tá Céim 2 den phróiseas comhairliúcháin ar siúl faoi láthair. Tá comhairliúcháin níos spriocdhírithe leis na príomhpháirtithe leasmhara i gceist leis sin.
Tá an suirbhé sin dúnta anois. Míle buíochas leis an 424 rannpháirtí as an am a ghlacadh chun bhur dtuairimí a roinnt linn. Tá an-áthas orainn go bhfuaireamar freagraí ó phobail uile an lucht siúil agus na Romach agus ón gcóras oideachais ina iomláine. Tá an-áthas orainn gur léirigh an-chuid de na freagróirí freisin go raibh siad toilteanach go ndéanfaí teagmháil leo i gcomhair tuilleadh comhairliúcháin.
Tá sraith de chomhairliúcháin spriocdhírithe á reáchtáil ag an Roinn Oideachais anois.
Tá sé mar aidhm acu sin tuairimí réimse de pháirtithe leasmhara a fháil maidir le bealaí chun eispéireas oideachais agus torthaí oideachais leanaí agus daoine óga de chuid an Lucht Siúil agus na Romach a fheabhsú.
Tá na comhairliúcháin spriocdhírithe á gcur i gcrích ag an Roinn faoi thrí cinn de shnáitheanna: an córas oideachais, teaghlaigh agus pobail an Lucht Siúil agus na Romach; agus leanaí agus daoine óga.
Tá líon comhairliúchán le páirtithe leasmhara ón gcóras oideachais curtha i gcrích anois.
Is féidir leat amharc ar na cuir i láthair ó imeachtaí comhairliúcháin ár bpobal scoile a reáchtáladh ar an 11 Nollaig in Ionad Oideachais Laoise thíos.
Chun eolas ar bith a fháil faoi na himeachtaí comhairliúcháin sin nó faoi imeacht comhairliúcháin ar bith atá ag teacht, déan teagmháil, le do thoil le TRES@education.gov.ie .
Tá gealltanas sa Chlár Rialtais “Leanúint ar aghaidh leis an bPlean Náisiúnta um Chothromas Rochtana ar an Ardoideachas agus é a leathnú agus Straitéis Náisiúnta Oideachais don Lucht Siúil a fhorbairt, lena n-áirítear plean chun rochtain ar an ardoideachas a fheabhsú do Phobal an Lucht Siúil.
Féadfaidh tú tuilleadh a léamh faoin Straitéis reatha um Chuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach (NTRIS) anseo. Is straitéis tras-rannach atá ansin ina nglactar cur chuige rialtais uile maidir le saol an Lucht Siúil agus na Romach a fheabhsú ar bhealaí praiticiúla agus inbhraite.
I measc na n-aidhmeanna atá ag NTRIS tá comhionannas i dtorthaí oideachais a bhaint amach, tacú le pobal scoile atá ionchuimsitheach agus cultúr dearfach a chur chun cinn ina léirítear meas ar fhéiniúlacht chultúrtha an Lucht Siúil agus na Romach san oideachas agus ina ndéantar í a chosaint.
Nuair a bheidh an Straitéis nua Oideachais don Lucht Siúil agus do na Romaigh críochnaithe, cuirfidh sí leis an obair atá á déanamh ag an Straitéis um Chuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach (NTRIS).
Tá an Roinn Oideachais ag obair chun forbairt a dhéanamh ar an straitéis. San áireamh san obair sin beidh:
Chun an comhairliúchán a fheiceáil cliceáil ar an gcnaipe thíos.