An tSeirbhís Chróinéara
Líonra Cróinéirí atá lonnaithe ar fud na tíre is ea an tSeirbhís Chróinéara.
Is í príomhfheidhm na Seirbhíse Cróinéara ná básanna tobanna agus neamh-mhínithe a imscrúdú ionas gur féidir deimhniú báis a eisiúint. Is seirbhís phoiblí thábhachtach í sin do na beo agus go háirithe do neasghaolta agus cairde an duine éagtha.
Ní hé amháin go dtugann an tSeirbhís Chróinéara clabhsúr dóibh siúd a bhfuair duine muinteartha leo bás go tobann ach comhlíonann sí seirbhís phoiblí níos leithne freisin trí nithe atá le leas an phobail a shainaithint, ar nithe iad a bhféadfadh iarmhairtí beatha nó báis a bheith acu.
Foireann Cur Chun Feidhme na Seirbhíse Cróinéara
- Seoladh:
- An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Teach Áth Luimnigh, Baile Sheáin, An Uaimh, Co. na Mí
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
046 909 1323
- Foilsithe: 10 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 7 Aibreán 2026