An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015
- Foilsithe: 19 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 2 Nollaig 2025
Is é is aidhm don Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 faisnéis a chur ar fáil don phobal faoi na comhlachtaí/daoine atá ag déanamh brústocaireachta ar chomhlachtaí/dhaoine eile agus faoi na cúrsaí a bhfuil siad ag déanamh brústocaireachta ina leith.
Tá clár brústocaireachta ar líne bunaithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ag www.lobbying.ie.
Le halt 6(4) den Acht, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí liosta d'oifigigh phoiblí shainithe an chomhlachta a fhoilsiú.
Tá dhá chuspóir bainteach leis an liosta:
- Ligean do bhaill den phobal na daoine sin is oifigigh phoiblí shainithe a aithint; agus
- Mar acmhainn do bhrústocairí atá ag comhdú tuairisceáin chuig an gClár a bhféadfadh go mbeadh orthu sonraí oifigigh phoiblí shainithe a fhoinsiú.
Seo a leanas liosta d’oifigigh ainmnithe phoiblí i Roinn Oideachais chun críocha an Achta:
Tuilleadh Eolais
Ar aon dul le prionsabail na hoscailteachta agus na trédhearcachta, oibríonn na grúpaí seo a leanas faoi na treoirlínte atá leagtha amach sa Chód Trédhearcachta. Ciallaíonn sé seo go bhfoilsítear ballraíocht agus clár oibre na ngrúpaí, agus miontuairiscí agus cláir oibre na gcruinnithe uile anseo ar an suíomh Gréasáin seo.