Polasaí Rialtais Áitiúil
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Coistí údaráis áitiúil is ea Coistí na mBeartas Straitéiseach (CBSanna) i gcomhairlí cathrach agus contae a n-áirítear ina mballraíocht comhairleoirí tofa, ionadaithe sainleasanna gnó, feirmeoireachta, grúpaí comhshaoil/caomhnúcháin, ceardchumainn agus baill phobail is baill dheonacha. Is é tasc Choistí na mBeartas Straitéiseach (CBSanna), mar choistí na comhairle, comhairle agus cúnamh a thabhairt don chomhairle agus beartais á gceapadh, á bhforbairt agus athbhreithniú á ndéanamh orthu. Níl aon sainchúram acu i ndáil le gnáthghnóthaí oibriúcháin maidir le seirbhísí a sheachadadh. Tá córas na CBSanna beartaithe sa chaoi go dtabharfar deis do chomhairleoirí agus do shainleasanna earnálacha ábhartha le rannpháirtíocht iomlán a ghlacadh sa phróiseas déanta beartas go luath sa phróiseas.
Ó 2014 caithfidh ceann amháin ar a laghad de na CBSanna a bheith curtha ar bun chun cúrsaí a bhreithniú, a bhaineann le feidhmeanna an údaráis áitiúil i ndáil le forbairt eacnamaíochta agus tacaíocht don fhiontraíocht. Ceapann an t-údarás áitiúil cathaoirleach an CBS agus ainmníonn a n-eagraíocht/a ngrúpa ionadaithe earnálacha na sainleasanna.
D’fhoilsigh an Roinn treoirlínte athbhreithnithe maidir le Coistí na mBeartas Straitéiseach agus Grúpaí na mBeartas Corparáideach a bhunú i mí Mheitheamh 2014 dar teideal: Corporate Policy Groups and Strategic Policy Committees: Guidelines for establishment and operation
Tá Grúpa na mBeartas Corparáideach comhdhéanta den chathaoirleach, nó de chathaoirleach/mhéara na comhairle, de chathaoirligh gach Coiste Beartas Straitéiseach agus, i gcás nach bhfuil ionadaíocht á déanamh ar an gceantar bardasach cheana féin ag cathaoirleach cheantar bardasach an duine a d’ainmnigh é/í. Comhordaíonn agus nascann Grúpa na mBeartas Corparáideach (GBC) obair na éagsúla CBSanna agus gníomhaíonn mar fhóram mar ar féidir cinntí i leith beartas a chomhaontú lena moladh don chomhairle iomlán.
Ról straitéiseach is ea ról an GBC; tá sé beartaithe le hobair na CBSanna difriúla a nascadh agus a chomhordú agus le fóram a sholáthar mar ar féidir plé a dhéanamh ar sheasaimh i leith beartas i gcás go rachaidh siad i bhfeidhm ar an gcomhairle iomlán, agus na seasaimh sin a chomhaontú le cur faoi bhráid na comhairle iomláine. Gníomhaíonn an GBC mar mhion-chomh-aireacht le haghaidh ghnó na comhairle agus tacaíonn príomhfheidhmeannach na cathrach/an chontae leis. Mar shampla, beidh ról gníomhach ag an GBC san obair le dréachtbhuiséad na comhairle a ullmhú. Déanfaidh sé amach freisin cibé ar chóir feidhm de chuid an údaráis áitiúil a fheidhmiú ar leibhéal an cheantair bhardasaigh nó an údaráis, i gcásanna ina ndéantar tagairt i ndáil leis an gceist seo don Choiste. Caithfear dul i gcomhairle leis an gCoiste freisin agus an plean corparáideach á ullmhú. Tuairiscíonn an cathaoirleach don chomhairle iomlán ar obair an GBC; ar an gcaoi chéanna, tuairiscíonn cathaoirligh gach CBS ar ais dá gcuid coistí, faoi mar a dhéanann ionadaithe gach ceantair bhardasaigh dá gcomhbhaill sna ceantair bhardasacha.