Déan Teagmháil leis an Roinn Iompair
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Oifigigh Rochtana ceaptha againn de réir alt 26(2) den Acht um Míchumas 2005.
Tá Oifigigh Rochtana freagrach as cúnamh agus treoir a sholáthar agus a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas a fhaigheann rochtain ar sheirbhísí a sholáthraíonn na hoifigí. Is féidir leo gníomhú freisin mar phointe teagmhála do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo rochtain a fháil ar na seirbhísí sin.
Tá Oifigeach Fiosrúcháin ceaptha againn chun gearáin a dhéantar faoi alt 38 den Acht um Míchumas a imscrúdú.
Is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Oifigeach Fiosrúcháin mura bhfuil ailt 25, 26, 27 nó 28 den Acht um Míchumas 2005 comhlíonta againn.
Is féidir gearán a dhéanamh go pearsanta, i scríbhinn, ar an bhfón, ar fhacs, ar ríomhphost, nó le cúntóir.
Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin imscrúduithe go príobháideach agus cuirfidh sé tuarascáil le chéile a déarfaidh:
Cuirfear an tuarascáil seo ar fáil dár nArd-Rúnaí agus don té a dhéanann an gearán.