Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I mí Mheán Fómhair 2015, ghlac Ballstáit na Náisiún Aontaithe Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe ("I mBun Athraithe"). Is é is Clár Oibre 2030 ann ná plean gníomhaíochta ar son an duine, an phláinéid agus an rathúnais. Tá feidhm aige maidir le tíortha forbartha agus tíortha atá i mbéal forbartha araon. Tá Clár Oibre 2030 dírithe ar na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe agus ar an 169 mionsprioc a bhaineann leo.
Cumhdaítear leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe uaillmhianta amhail iad seo a leanas:
D’imir Éire ról lárnach maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a fhorbairt. Rinneadh an tUas. David Donoghue, ár nAmbasadóir chuig na Náisiúin Aontaithe ag an am, agus Macharia Kamau, Ambasadóir na Céinia, a cheapadh mar chomhéascaitheoirí ar an gcéim dheireanach den idirbheartaíocht idir-rialtasach.
Agus Clár Oibre 2030 agus Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide á síniú lena linn, bhí an bhliain 2015 ina bliain shuntasach i ndáil le comhar idirnáisiúnta i dtreo domhan inbhuanaithe a bhaint amach. Imríonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ról lárnach maidir leis an dá chlár oibre.
Le Clár Oibre 2030, tugtar spreagadh do thíortha na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhtháthú isteach ina gcuid pleanála agus beartas ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon. Cé gur tionscnamh uile-rialtais é atá faoi fhormhaoirseacht ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, is ar na hAirí uile go fóill atá an fhreagracht as cur chun feidhme a dhéanamh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe aonair a bhaineann lena Roinn féin.
Mar chuid den ról formhaoirseachta atá againn, leagadh freagracht ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide as Pleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a fhorbairt. Leagtar amach sna Pleananna sin socruithe le haghaidh comhordú idir-rannach, le haghaidh caidreamh le geallsealbhóirí agus le haghaidh tuairisc thréimhsiúil a thabhairt ar dhul chun cinn ar gach ceann den 169 mionsprioc.
Foilsíodh an Dara Plean Náisiúnta Cur Chun Feidhme maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2022-2024 an 5 Deireadh Fómhair 2022. Forbraíodh é i gcomhar le gach Roinn Rialtais agus gach príomh-gheallsealbhóir agus tá sé bunaithe ar an ionchur a fuarthas ón dá phróiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh thar an mbliain seo a chuaigh thart. Leis an bPlean nua, cuirtear leis na struchtúir agus na sásraí atá leagtha amach sa chéad Phlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Tugann Grúpa Oifigeach Sinsearach maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe comhordú straitéiseach agus tuarascálacha don Chomh-aireacht, de réir mar is gá. Cuimsíonn an Grúpa ionadaithe sinsearacha ó gach roinn rialtais. Tá sé faoi chathaoirleacht ag Roinn an Taoisigh, le tacaíocht ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Faigheann an Grúpa Oifigeach Sinsearach cúnamh ón nGrúpa Oibre Idir-rannach maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, atá faoi chathaoirleacht ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tá an Grúpa Oifigeach Sinsearach freagrach as beartas náisiúnta a fhorbairt i ndáil leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, as tacú le comhleanúnachas beartais ar fud na Spriocanna, as tuarascálacha tréimhsiúla na hÉireann maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ullmhú, agus as socruithe a dhéanamh le haghaidh caidreamh le geallsealbhóirí.
Leis an Léarscáil Beartais maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, cuirtear leis an gcumas atá ag geallsealbhóirí an dóigh a mbíonn Spriocanna sonracha Forbartha Inbhuanaithe agus mionspriocanna gaolmhara á gcur chun feidhme ag Éirinn a rianú. Cothaítear agus feabhsaítear leis an Léarscáil freisin an caidreamh tras-Rialtais atá ar bun chun gach ceann de na Spriocanna agus na Mionspriocanna a chur chun feidhme.
Tá an Léarscáil Beartais maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ceaptha chun a bheith ina doiciméad beo, agus nuashonraíodh den uair is deireanaí i mí Dheireadh Fómhair 2022 í.
Gné bhunúsach de Chlár Oibre 2030 is ea an ról cuimsitheach gníomhach atá ag geallsealbhóirí maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a idirbheartú, a ghlacadh agus a chomhlíonadh.
Chun é sin a éascú, bunaíodh Fóram Náisiúnta Geallsealbhóirí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun bonn eolais a chur faoin obair chun an creat náisiúnta le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a fhorbairt tuilleadh agus chun sásra a sholáthar do gheallsealbhóirí ó gach earnáil chun smaointe agus réitigh nuálacha a phlé agus a thriail ar mhaithe leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach in Éirinn.
Imreoidh na comhaltaí ról lárnach maidir le forbairt a dhéanamh ar phlean oibre an Fhóraim don bhliain agus maidir le feabhas a chur ar dhearadh agus formáid chruinnithe an Fhóraim.
Beidh an chéad chruinniú eile de chuid Fhóram Náisiúnta Geallsealbhóirí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar siúl Dé Máirt an 17 Eanáir ag Staid Aviva. Díreofar ar an téama 'Gan Aon Duine a Fhágáil ar Leataobh' lena linn. Déanfar tuilleadh mionsonraí faoin imeacht agus faoi conas clárú dó a fhoilsiú ar an leathanach seo thar na seachtainí atá romhainn.
Na Comhaltaí de Choiste Fhóram Náisiúnta Geallsealbhóirí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2022-2023 (níl leagan Gaeilge den doiciméad seo ar fáil)
Bunaíodh Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun cur le feasacht an phobail ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe trí chomhpháirtíocht agus trí chur chun cinn. Ag gníomhú dóibh trína gcleachtais eagraíochta, léiríonn na Curaidh bealaí inar féidir le heagraíochtaí agus daoine aonair rannchuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. D’éirigh leis an tionscnamh seo feasacht a mhúscailt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar fud pobail dhifriúla agus grúpaí difriúla, agus cuid mhór de na Curaidh ag díriú ar réimsí sonracha a bhaineann leis na Spriocanna.
Táimid ag iarraidh Léirithe Spéise anois i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023.
Iarrtar iarratais ó na heagraíochtaí agus na grúpaí uile ar mhaithe leo obair ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus a léiriú cén dóigh ar féidir iad a chur chun cinn agus a úsáid. Glacfar le haighneachtaí suas go 5i.n. Dé hAoine an 20 Eanáir 2023
Tá Fóram Ardleibhéil Polaitíochta na Náisiún Aontaithe freagrach as Clár Oibre 2030 a athbhreithniú, agus as gníomh leantach a dhéanamh ina leith, ar an leibhéal idirnáisiúnta. Tagann an Fóram Ardleibhéil Polaitíochta le chéile gach bliain i gceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, ar lena linn a fhaightear ionchur ó rialtais náisiúnta, ó chomhlachtaí idir-rialtasacha, ó ghníomhaireachtaí iomchuí de chuid na Náisiún Aontaithe, ón tsochaí shibhialta agus ó gheallsealbhóirí eile.
Tugtar spreagadh do thíortha cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a athbhreithniú go tráthrialta agus Athbhreithnithe Náisiúnta Deonacha a chur i láthair. Gheall Éire an méid sin a dhéanamh gach ceithre bliana. Chuir Éire an chéad Athbhreithniú Náisiúnta Deonach uainn i láthair ag an bhFóram Ardleibhéil Polaitíochta sa bhliain 2018, agus táimid chun Athbhreithniú eile a chur i láthair sa bhliain 2023.
Bhí Fóram Ardleibhéil Polaitíochta na bliana 2022 ar siúl ón 5-15 Iúil, agus é bunaithe ar an téama "Atógáil chun feabhais tar éis ghalar coróinvíris (COVID-19), agus cur chun feidhme iomlán Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe á chur ar aghaidh ag an am céanna".
D’fhreastail toscaireacht Éireannach ar an bhFóram, agus í comhdhéanta d’ionadaithe ón rialtas agus ionadaithe neamhrialtasacha araon. D’fhreastail Ossian Smyth, an tAire Stáit, ar sheisiún na nAirí. D’fhreastail sé freisin ar lá Aireachta na Comhairle Eacnamaíche agus Sóisialta Dé Luain an 18 Iúil agus ar Chruinniú Ardleibhéil an Chomhthionóil Ghinearálta dar teideal "Móimint don Dúlra" Dé Máirt an 19 Iúil 2022.
Soláthraíodh an Ráiteas Náisiúnta 2022 ó Éirinn mar fhísráiteas ón Aire Ryan.
I mbliana, reáchtáladh Seachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe den chéad uair riamh in Éirinn ón 20–26 Meán Fómhair 2022 chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a cheiliúradh agus chun feasacht a mhúscailt orthu. Eagraíodh 112 imeacht san iomlán ar fud na tíre.
Bhí an tSeachtain mar chuid de Sheachtain Forbartha Inbhuanaithe na hEorpa, ar lena linn a cuireadh 6,822 ghníomhaíocht ar siúl ar fud 24 thír.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi conas páirt a ghlacadh san imeacht, féach an bileoigín uainn maidir le Seachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Féach an nóta faisnéise uainn maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus féach an nóta uainn maidir le smaointe imeachta chun teacht ar bhealaí inar féidir leat páirt a ghlacadh sa tSeachtain.
Reáchtáladh Comórtas Sóisearach Ealaíne maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun cumhdach a dhearadh do Phlean Náisiúnta nua Cur Chun Feidhme na hÉireann maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Comhghairdeas leis na buaiteoirí uile, a ndearnadh teagmháil leo cheana féin. Úsáidfear rogha de na saothair ealaíne a cuireadh isteach sa Phlean Náisiúnta nua Cur Chun Feidhme.
Dá mba mhaith leat go gcuirfí thú le liosta seachadta na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun an t-eolas is deireanaí a fháil ar fhorbairtí agus tionscnaimh ina leith, seol ríomhphost chuig SDGs@decc.gov.ie