Bulaíocht Eolas do Thuismitheoirí agus Daltaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sainmhínítear bulaíocht sna Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile mar "iompar diúltach neamhiarrtha, bíodh sé i bhfoirm iompar briathartha, síceolaíoch nó fisiciúil, a dhéanann duine aonair nó grúpa in aghaidh duine (nó daoine) eile, agus a dhéantar arís agus arís eile". Tá tuilleadh faoi shainmhíniú na bulaíochta, na cineálacha bulaíochta agus tionchar agus táscairí na bulaíochta le fáil in Ailt 2 agus 3 de na nósanna imeachta do scoileanna.
Bíonn sé de fhreagracht ar an scoil aonair dul i ngleic le bulaíocht i scoileanna.
Tá feidhm ag na Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile i leith gach bunscoile agus iar-bhunscoile aitheanta agus gach lárionad oideachais (mar a shainmhínítear iad sin san Acht Oideachais, 1998) a bhfuil daltaí faoi bhun aois 18 ag freastal orthu.
Éilítear ar údaráis scoile agus ar phearsanra scoile cloí leis na gnásanna seo agus iad ag déileáil le líomhaintí agus teagmhais bhulaíochta i scoileanna agus déileáil le haon tionchar diúltach a bheadh ag iompar bulaíochta a tharlaíonn lasmuigh den scoil ar shaol na scoile.
D’fhorbair an Roinn Oideachais Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht i gcomhar le Coiste Stiúrtha ilchineálach, faoi stiúir an Dr. Noel Purdy ó Choláiste Ollscoile Stranmillis i mBéal Feirste, agus cuimsíonn an plean tuairimí leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí, oibrithe scoile, páirtnéirí oideachais agus daoine aonair ón bpobal chun an dalta a chur ag croílár an phlean.
Tógann an plean seo ar atá bainte amach agus ar uaillmhian an Phlean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht 2013, a chuaigh roimhe, agus ar an obair atá déanta le blianta anuas le cinntiú gur áiteanna sábháilte agus sona d’ár leanaí agus daoine óga uile iad ár scoileanna.
Tá cóip den bPlean Gníomhaíochta ar fáil anseo: [external-link www.gov.ie/pleangniomhaiochtaarbhulaiocht | www.gov.ie/pleangniomhaiochtaarbhulaiocht ]