Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist pholasaí

Craoltóireacht agus na Meáin


Is é ról an Rialtais beartas agus rialáil a fhorbairt don chraoltóireacht agus do na meáin. Áirítear leis seo meáin ar nós teilifíse agus raidió ach meáin nua chomh maith, cosúil leis an idirlíon.

Tá an Rialtas freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar phróiseas chumaisc mheán agus as idirghníomhú leis an AE agus le Comhairle na hEorpa ar chúrsaí craolacháin agus na meán.

Rialáil

Tá an rialtas freagrach as an gcreat rialála a sholáthar don chraoltóireacht in Éirinn. Is iad Coimisiún na Meán agus an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) a bhainistíonn rialáil seirbhísí craolacháin na hÉireann. I ré na bréagaisnéise, tá sé tábhachtach go bhfuil foinse iontaofa faisnéise ag gach saoránach.

Rialaíonn Coimisiún na Meán ábhar thar na seirbhísí craolacháin go léir in Éirinn.

Tá siad freagrach freisin as:

• conarthaí ceadúnaithe agus craolacháin

• comhlíonadh agus forfheidhmiú

• úinéireacht na meán

• riarachán an chiste meán

• cóid agus rialacha craolacháin a ullmhú agus a fhorbairt

Tá sé mar ról ag ComReg:

• an earnáil cumarsáide leictreonaí agus an earnáil poist in Éirinn a rialáil

• Líonraí craolta tarchuir a phleanáil agus a chomhordú d’Éirinn

• ionchur i mbeartas craolacháin náisiúnta

• ceadúnais a fhorbairt agus a eisiúint chuig Coimisiún na Meán agus RTÉ

• córais nua ceadúnaithe a cheapadh de réir mar is gá agus

• monatóireacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chomhlíonadh téarmaí agus coinníollacha ceadúnais

Ceadúnas Teilifíse

Má tá teilifís agat, ní mór duit Ceadúnas Teilifíse a bheith agat. Déanann an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt socruithe maidir le bailiú an Táille Ceadúnais Teilifíse a dhéanann An Post[PK1] agus maidir leis an ranníocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) le haghaidh ceadúnais saor in aisce. Déantar an t-airgead a bhailítear a dháileadh ar RTÉ agus ar an gCiste Craoltóireachta atá á riaradh ag Coimisiún na Meán agus a mhaoinítear le 7% den ghlanfháltas ón táille ceadúnais.

Na Meáin Seirbhíse Poiblí

Is eagraíochtaí meán seirbhíse poiblí iad RTÉ agus TG4 a sholáthraíonn ábhar seirbhíse poiblí a chuireann faisnéis, oideachas agus siamsaíocht ar fáil. Is iad an dá sholáthraí meán seirbhíse poiblí reachtúla in Éirinn a bhfuil sainchúram reachtúil seirbhíse poiblí sannta dóibh, trí na cuspóirí seirbhíse poiblí atá leagtha amach in ailt 114 agus 118 den Acht Craolacháin 2009, chun freastal ar leasanna an phobail agus chun ábhar atá inrochtana go huilíoch a sholáthar saor in aisce ag pointe an tomhaltais.

Maoinítear RTÉ agus TG4 trí mheascán d’fháltais ó tháillí an Cheadúnais Teilifíse, deontais ón Státchiste agus ioncam tráchtála.

Gach bliain, tá sé de dhualgas ar RTÉ agus ar TG4 tuairisc a thabhairt ar a ngníomhaíochtaí. Foilsíonn siad ráiteas gealltanais feidhmíochta ina leagtar amach na gníomhaíochtaí a bhfuil na corparáidí tiomanta dóibh sa bhliain airgeadais sin agus na méadrachtaí feidhmíochta gaolmhara. Ullmhaíonn RTÉ agus TG4 tuarascálacha bliantúla ina leagtar amach a bhfeidhmíocht agus an chaoi ar chaith siad ioncam poiblí agus tráchtála. Tuairiscíonn siad don rialtóir freisin ar a bhfuil bainte amach acu i rith na bliana agus ar an gcaoi ar úsáid siad maoiniú poiblí chun a gcuspóirí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. Déanann an rialtóir neamhspleách Coimisiún na Meán athbhreithniú ar a bhfeidhmíocht agus ar leordhóthanacht a maoinithe, uair sa bhliain agus trí athbhreithnithe 5 bliana freisin. Caithfidh RTÉ agus TG4 toiliú an Aire a lorg freisin i gcás gníomhaíochtaí áirithe, lena n-áirítear seirbhísí nua a thabhairt isteach.

Tá athchóirithe suntasacha ar an gcreat measúnaithe seo agus ar rialachas corparáideach laistigh de RTÉ agus TG4 mar chuid de Scéim Ghinearálta an Bhille Craolacháin (Leasú).

Scéim Ghinearálta an Bhille Craolacháin (Leasú)

Cuirfidh Scéim Ghinearálta an Bhille Craolacháin (Leasú) le cuntasacht, trédhearcacht agus luach ar airgead inár soláthraithe meán seirbhíse poiblí, RTÉ agus TG4. Bunófar creat reachtúil nua chun tacú leis an earnáil i gcoitinne ábhar seirbhíse poiblí a chur ar fáil, agus cosnófar tomhaltóirí ábhair meán cumarsáide na hÉireann. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar chúlra an Bhille, príomhghnéithe an Bhille maidir le hathchóirithe ar rialachas corparáideach, feabhsaithe ar an gcreat measúnóireachta do na meáin seirbhíse poiblí agus an creat chun ábhar seirbhíse poiblí a mhaoiniú a fháil ar leathanach

Scéim Ghinearálta an Bhille Craolacháin (Leasú).

Scéimeanna Tacaíochta Meán

Tacaíonn Scéim Fuaime agus Físe Choimisiún na Meán le cruthú clár closamhairc agus fuaime ardchaighdeáin ag léiritheoirí agus craoltóirí neamhspleácha. Tá sé maoinithe ag an gCiste Craoltóireachta, a mhaoinítear go príomha le 7% de ghlanfháltais na táille ceadúnais.

Reáchtálann Coimisiún na Meán roinnt scéimeanna tacaíochta atá maoinithe ag an Státchiste a sholáthraíonn maoiniú d’asraonta meán chun iriseoireacht leasa phoiblí a fhorlíonadh agus a fheabhsú. Áirítear leis na scéimeanna reatha:

  • Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil
  • Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna
  • Scéim Tuairiscithe Nuachta

Córais Tarchuir

Tá seirbhísí teilifíse craolta RTÉ agus TG4 ar fáil trí ardáin Teilifíse Digiteach Talún (DTT) Saorview agus Saorsat. Tá Saorview agus Saorsat ar fáil ar sheirbhísí teilifíse íoca síntiúis chomh maith. Is féidir rochtain a fháil ar ábhar na Meán Seirbhíse Poiblí (RTE agus TG4) ar líne freisin trí sheinnteoirí, aipeanna agus suíomhanna gréasáin na gcraoltóirí faoi seach. Tá RTÉ agus a fhochuideachta (2rn) freagrach as oibriú agus cothabháil an líonra tarchuir agus na n-ilphléacsanna do sheirbhísí agus dáileadh DTT.

Chun seirbhísí raidió FM a tharchur, údaraíonn an t-údarás inniúil (Coimisiún na Meán) craoltóirí chun tarchuradóir a oibriú agus seirbhís craolacháin a sholáthar faoi chonradh craolacháin.

Caithfidh an Rialtóir Cumarsáide (ComReg) ceadúnas craolacháin a údarú freisin chun conradh craolacháin a chur i bhfeidhm.

Mór-Imeachtaí a Ainmniú

Féadfaidh Ballstáit an AE imeachtaí spóirt agus cultúrtha a ainmniú mar imeachtaí atá thar a bheith tábhachtach don tsochaí. Ba cheart go mbeadh imeachtaí den sórt sin ar fáil ar sheirbhís teilifíse shaorchraolta.

Déanann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán athbhreithniú ar an liosta imeachtaí ainmnithe gach trí bliana.

Cumaisc Mheán

Tá sé tábhachtach go bhfuil rochtain ag gach duine ar ábhar nuachta agus cúrsaí reatha atá iontaofa. Ba cheart go dtiocfadh an t-ábhar seo ó fhoinsí éagsúla agus go mbeadh sé ábhartha do phobal iomlán na Gaeilge.

Chruthaigh an rialtas próiseas ar a dtugtar an próiseas cumaisc mheán chun cosaint a dhéanamh i gcoinne ábhar nuachta agus cúrsaí reatha a bheith faoi mhonaplacht ag cuideachtaí nó daoine. Ciallaíonn an próiseas seo go ndéanann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán scrúdú ar aon idirbheart a bhaineann le gnó meán in Éirinn sula gceadaítear é a dhéanamh.

Léigh tuilleadh faoi Chumaisc Mheáin.

Ceisteanna Eorpacha

Tá comhoibriú ar chúrsaí craolacháin, closamhairc agus meán eile mar chuid den chaidreamh idir tíortha Eorpacha le fada an lá.

Is trí dhá fhoras go príomha a tharlaíonn an comhoibriú sin:

Aontas na hEorpa

Comhairle na hEorpa

Faoin Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc rialaítear an comhordú reachtaíochta náisiúnta ar fud an AE maidir le gach meán closamhairc lena n-áirítear craoladh teilifíse agus seirbhísí ar éileamh.

Forfheidhmiú Thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán

I dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán leagtar amach an treo straitéiseach chun na meáin in Éirinn a bhunathrú agus a chothú go fadtéarmach. Tar éis don Rialtas breithniú a dhéanamh agus glacadh, i bprionsabal, le 49 moladh as an 50 moladh a rinneadh, foilsíodh Tuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán i mí Iúil 2022.

Sna moltaí sa tuarascáil dírítear ar: an luach criticiúil sochaíoch a bhaineann le tírdhreach meán iolrach neamhspleách; a thábhachtaí is atá maoiniú imleor do mheáin agus d’ábhar na seirbhíse poiblí; trédhearcacht agus maoirseacht fheabhsaithe ar mheáin na seirbhíse poiblí; forálacha chun ábhar Gaeilge agus iriseoireacht a neartú; tionchair an chlaochlaithe dhigitigh; agus, bearta chun comhionannas, éagsúlacht, cuimsiú agus inbhuanaitheacht chomhshaoil níos fearr a chinntiú.

Ó foilsíodh an tuarascáil, áirítear ar shamplaí de dhul chun cinn ar chur chun feidhme a moltaí: trasuíomh na Treorach Cóipchirt; foilsiú Scéim Ghinearálta an Bhille um Chlúmhilleadh (Leasú); tabhairt isteach ráta nialasach CBL do nuachtáin mar chuid de bhearta cánachais Bhuiséad 2023; tacaíonn síneadh le hAlt 481 le dreasacht a thabhairt do léiriú scannán agus teilifíse a dhéantar in Éirinn go dtí deireadh 2028; RTÉ agus TG4 a ainmniú mar chomhlachtaí NewERA faoi Acht NTMA, a cheadóidh do NewERA dul i dteagmháil go foirmiúil le RTÉ agus TG4 maidir leis an gcreat is oiriúnaí chun tuairisciú ar fheidhmíocht agus ar thorthaí airgeadais; agus €6 mhilliún a chur ar fáil don Coimisiún na Meán do 2023.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat