Íomha: NACP Banner

An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí

Is conair é an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí a dhéanfar forbairt uirthi i gcaitheamh na 8 mbliana amach romhainn. Leagann sé amach céimeanna i dtreo rialaithe, tacaíochta agus fóirdheontas le haghaidh gach feighlí leanaí íoctha, neamhghaolta. Beidh athrú agus tairbhe shuntasach i gceist leis an bPlean Gníomhaíochta d’fheighlithe leanaí, agus do na leanaí agus na teaghlaigh a bhaineann úsáid as a gcuid seirbhísí.

Is í aidhm an Phlean Gníomhaíochta ná tuilleadh aitheantais a thabhairt don fheighlíocht leanaí agus tacaíocht a thabhairt do na feighlithe leanaí, agus iad i mbun oibre chun foghlaim agus cúram na luathóige agus cúram leanaí ar aois scoile ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Ar an gcaoi sin tá siad ag cabhrú le forbairt leanaí, le torthaí foghlama agus ag cabhrú le teaghlaigh.

Lean muid ar Facebook.