Íomha: Inspect banner

Tá trí phríomhról ag Cigireacht na Roinne Oideachais:

Tacú le feabhas a chur ar an gcóras oideachais

Cuireann cigirí comhairle ar fáil chun cabhrú le suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim, le scoileanna agus le suíomhanna oideachais eile feabhas a chur ar an soláthar oideachais do leanaí agus do dhaoine óga.

Acmhainn a thógáil sa chóras oideachais

Cabhraíonn cigirí le hacmhainn cheannairí agus mhúinteoirí na scoileanna agus na suíomhanna a fhorbairt trí chomhairle ábhartha a chur ar fáil i dtreo feabhsúcháin. Oibríonn an Chigireacht i gcomhar le gníomhaireachtaí agus le rannóga eile de chuid na Roinne chomh maith chun tacú le cur chuige comhtháite feabhsúcháin.

Cuntasacht a sholáthar

Le linn chuairteanna cigireachta, déanann cigirí meastóireacht ar cháilíocht an oideachais trí mheastóireachtaí éagsúla, lena n-áirítear cuairteanna gan fógra, meastóireachtaí dírithe ar ábhar ar leith agus meastóireachtaí scoile uile/suímh uile. Cuirtear tuairiscí cigireachta ar fáil don phobal ar an suíomh gréasáin seo, rud a sholathraíonn léargais ar ghnéithe éagsúla den oideachas.

Míníonn an Príomhchigire, Yvonne Keating, ról na Cigireachta san fhíseán laistíos.

Cabhraigh lenár suíomh gréasáin a choinneáil cothrom le dáta

Tá an-chuid eolais agus acmhainní ar shuíomh gréasáin na Cigireachta. Déanaimid ár ndícheall ábhar a choinneáil cothrom le dáta agus ábhartha. Mar sin féin, caillimid rudaí ó am go chéile.

Má fheiceann tú ábhar ar chóir é a nuashonrú, ba mhór againn dá gcuirfeá sinn ar an eolas faoi, trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag an seoladh thíos.

Cigireacht

Seoladh:
An Roinn Oideachas, An Cigireacht, Sráid Maoilbhríde , Baile Átha Cliath 1 , D01 RC96
Uimhir theileafóin: