Íomha: ERP_BANNER

An Plean Téarnaimh Eacnamaíochta

De bharr go gcuireann rath an chláir vacsaínithe ar ár gcumas an geilleagar a athoscailt de réir a chéile, leagtar amach sa Phlean Téarnaimh Eacnamaíochta an bealach gur féidir linn tacú le tús a chur arís le gníomhaíocht eacnamaíochta ina hiomlán agus daoine a chur ar ais ag obair.

Tá céim nua sa Phlean seo, atá ag cur leis an iliomad tacaíochtaí a chuir an Rialtas i bhfeidhm ó thús na paindéime, ina leagtar amach tacaíochtaí, infheistíocht agus beartais do thréimhse eile den téarnamh agus athnuachan eacnamaíochta.

Is é an uaillmhian uileghabhálach atá againn ná go mbeidh 2.5 milliún duine ag obair faoi 2024, leibhéal a bheidh níos airde ná na leibhéil a bhí ann roimh thús na paindéime. Beidh go leor de na poist seo níos táirgiúla, níos nuálaí, níos seasmhaí, agus bainfidh siad le réimsí nua deiseanna, ag teacht le huaillmhianta glasa agus digiteacha an Rialtais.

Ceithre Cholún an Phlean Téarnaimh Eacnamaíochta

1 Inbhuanaitheacht airgeadais phoiblí a chinntiú chun go mbeidh téarnamh fadtéarmach ann.
2 Cúnamh a thabhairt do dhaoine filleadh ar an obair trí chur le tacaíochtaí don mhargadh saothair agus trí ghníomhachtú dian agus deiseanna athoiliúna agus uasoiliúna a chur ar fáil, a chuirfear chun cinn le Bealaí chun Oibre 2021-2025
3 Fiontair Inbhuanaithe a Atógáil trí thacaíochtaí agus beartais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun go mbeidh teacht aniar ag fiontair agus go mbeidh siad níos táirgiúla
4 Téarnamh Cothrom agus Ionchuimsitheach a chinntiú trí infheistíocht straitéiseach a dhéanamh i mbonneagar agus leasuithe a chuireann le hacmhainneacht fhadtéarmach na tíre i dtaca le forás, trí fhorbairt chothrom réigiúnach a dhéanamh agus trí chaighdeáin mhaireachtála a fheabhsú.

Is féidir leat tuilleadh a fháil amach ar gach ceann acu trí chliceáil ar na boscaí thíos.

Áirítear i measc phríomhphointí an Phlean Téarnaimh Eacnamaíochta:

  • Síneadh suntasach a chur leis an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS), leis an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (PUP) agus leis an Scéim Tacaíochta i ndáil le Srianta COVID (CRSS), agus feabhsú nach beag a chur leis an EWSS agus an CRSS araon
  • Réimse tionscnamh ag tacú leo lena n-áirítear síneadh an Tarscaoilte Rátaí Tráchtála, Scéim Tacaíochta nua Atosaithe Gnó, agus síneadh ar an Scéim Stórais Cánach Fiachais
  • Leanúint de thacaíochtaí a chur ar fáil do na hearnálacha is measa atá buailte, amhail eitlíocht, turasóireacht agus imeachtaí mar a athosclaíonn siad de réir a chéile, lena n-áirítear síneadh a chur leis an ráta CBL 9% don earnáil turasóireachta agus fáilteachais, tacaíochtaí don earnáil siamsaíochta agus imeachtaí beo, agus treochlár d'earnáil na heitlíochta
  • Infheistíocht straitéiseach a chuirfidh an t-aistriú digiteach agus glas chun cinn, agus a thacóidh le téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta agus le cruthú fostaíochta
  • Uaillmhian uileghabhálach leibhéil fostaíochta a bhí ann roimh thús na paindéime a shárú trí 2.5 milliún duine a chur ag obair faoi 2024
  • Cúnamh a thabhairt do dhaoine filleadh ar an obair, agus deiseanna inbhuanaithe fostaíochta a thapú de bharr gníomhachtú méadaithe agus deiseanna athoiliúna agus uasoiliúna
  • Bealach a réiteach chuig geilleagar láidir a bhfuil teacht aniar aige, atá ar aon dul le huaillmhianta glasa agus digiteacha an Rialtais;
  • Ceachtanna a fhoghlaim ó thaithí na paindéime chun eolas a dhéanamh do théarnamh atá cothrom agus ionchuimsitheach a bhainfidh tairbhe as bealaí nua oibre, agus a fheabhsóidh tacaíochtaí don mhargadh saothair agus caighdeáin mhaireachtála
  • Inbhuanaitheacht airgeadais phoiblí a chinntiú chun go mbeidh téarnamh fadtéarmach ann

Mar a thacófar le huaillmhianta an Phlean

Tacófar le huaillmhianta an Phlean trí:

  • Pacáiste cuimsitheach tacaíochtaí a chur ar fáil lena n-áirítear síneadh a chur le tacaíochtaí don mhargadh saothair agus d'fhiontair, a bheidh ag teacht le tacaíochtaí spriocdhírithe do na hearnálacha is measa atá buailte.
  • Infheistíocht shuntasach €915 milliún a dhéanamh i réimsí lena mbaineann deiseanna, le maoiniú ó Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Teacht Aniar na hÉireann , faoi Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta na hEorpa, a bheidh ar aon dul le cur chuige an Rialtais díriú ar dhul chun cinn inbhuanaithe, nuálach, digiteach. Déantar tionscadail a rangú de réir trí thosaíocht faoi leith de réir chur chuige an Rialtais i leith téarnaimh:

Tosaíocht 1: An tAistriú Glas a Chur Chun Cinn - €503 milliún

8Tosaíocht 2: Dlús a Chur le Leasuithe agus Claochluithe Digiteacha agus iad a Leathnú - €295 milliún

Tosaíocht 3: Téarnamh Eacnamaíochta agus Sóisialta agus Cruthú Fostaíochta - €181 milliún

  • Déanfar an cur chuige seo a threisiú arís trí infheistíocht chaipitil ar fiú na billiúin í a dhéanamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta leasaithe atá ag teacht aníos, ina mbeidh an inbhuanaitheacht agus an fhorbairt réigiúnach ina bpríomhthéamaí, agus le spriocanna uaillmhianacha tithíochta faoin Straitéis Tithíochta do Chách atá ag teacht gan mhoill.
  • Cinnteofar le beartais straitéiseacha atá nasctha le ceithre cholún an Phlean go ndéanfar dul chun cinn i dtreo aidhmeanna iomlána an Phlean a bhaint amach.

Is cuid de shraith príomhtháirgeachta eacnamaíochta thar thréimhse ríthábhachtach 12 mí é an Plean seo:

Íomha: Timeline_ERP