Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Fiosrúchán Scóipe faoi Dhrochúsáid Ghnéasach Stairiúil i Scoileanna arna reáchtáil ag oird rialta


Forléargas

Tá cead tugtha ag an rialtas Fiosrúchán Scóipe a chur ar bun chun bonn eolais a chur faoi fhreagairt an Rialtais ar dhrochúsáid ghnéasach stairiúil a nochtadh i scoileanna arna reáchtáil ag oird rialta.

Tá a chuid oibre curtha i gcrích ag an bhFiosrúchán Scóipe agus chuir sé a thuarascáil isteach go dtí an tAire Oideachais ar an 7ú Meitheamh 2024. An príomh-mholadh a bhí aige ná Coimisiún Imscrúdaithe a bhunú. Ghlac an Rialtas leis an moladh seo agus is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin gCoimisiún anseo.

Cuspóir

Is é is cuspóir leis an bhfiosrúchán scóipe bonn eolais a chur faoi fhreagairt an rialtais ar dhrochúsáid ghnéasach stairiúil a nochtadh i scoileanna arna reáchtáil ag oird rialta. Is í Mary O’Toole, AS, a bhí i gceannas ar bhonn neamhspleách ar an bhFiosrúchán Scóipe.

Bhí obair an Cheannasaí treoraithe le tuarascálacha agus ionchuir ó shaineolaithe thar raon réimsí lena n-áirítear cosaint leanaí, ceartas aisiríoch agus, níos tábhachtaí fós, rannpháirtíocht marthanóirí.

Cheadaigh an Rialtas foilsiú Thuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe faoi Dhrochúsáid Ghnéasach Stairiúil i Scoileanna Lae agus Cónaithe Arna Reáchtáil ag Oird Rialta ar an 3ú Meán Fómhair 2024 agus ghlac sé leis an bpríomh-mholadh a bhí inti chun Coimisiún Imscrúdaithe a bhunú. Táthar tar éis glacadh le tuilleadh moltaí ón Tuarascáil anois, tar éis mionbhreithniú a rinne an tAire Oideachais agus Óige Helen McEntee, a fuair comhairle ó Ghrúpa Ardleibhéil Idir-Rannach (IDG). Baineann na moltaí seo le hobair an Choimisiúin Imscrúdaithe, cosaint leanaí, an córas dlí agus cuimhneachán (memorialisation). Cheadaigh an Rialtas tréimhse breithnithe bhreise maidir le moladh an Fhiosrúcháin Scóipe go gcuirfear san áireamh scéim um shásamh agus go ndéanfar teagmháil le hoird rialta maidir lena leithéid de scéim a mhaoiniú.

Rannpháirtíocht marthanóirí

Tá an rannpháirtíocht le marthanóirí mar chuid lárnach d’obair an fhiosrúcháin scóipe. Sa phróiseas rannpháirtíochta marthanóirí, cuirfear deis ar fáil le go n-éistfear go soiléir le tuairimí na marthanóirí sin is mó a bhí buailte leis go díreach agus lena chinntiú go mbeidh na moltaí a leagfar amach i dtuarascáil deiridh an Cheannasaí a chuirfear faoi bhráid an Aire bunaithe ar na torthaí atá á lorg ag na marthanóirí.

Bhí an saineolaí ar chosaint leanaí Kieran McGrath i gceannas ar an bpróiseas rannpháirtíochta marthanóirí, a fuair comhairle ó Michele Clarke, agus ba iad éascaitheoirí atá oilte ar chleachtas trámathreoraithe a bhí á reáchtáil.

Tá a chuid oibre curtha i gcrích anois ag an bhFiosrúchán Scóipe. Tá eolas faoin gCoimisiún Imscrúdaithe ar fáil anseo.