Caighdeáin sa Saol Poiblí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá raon leathan reachtaíochta i bhfeidhm chun cabhrú leis an bpobal a bheith níos muiníní as an mbealach a rialaítear Éire. Liosta is ea an méid seo a leanas de reachtaíocht agus eagraíochtaí a sholáthraíonn an cúnamh seo.
Rialaíonn Local Elections (Disclosure of Donations and Expenditure) Act 1999 agus Electoral Act 1997 airgead a chaitheann agus tabhartais a fhaigheann ionadaithe poiblí (Teachtaí Dála, Seanadóirí srl.) agus páirtithe polaitíochta.
Leis Regulation of Lobbying Act 2015 bunaíodh córas clárúcháin idirlín le haghaidh gníomhaíochta brústocaireachta, lena n-inseofar dúinn “Cé atá i mbun brústocaireacht, cé ar a bhfuil a leithéid dírithe, agus céard faoi?”
Soláthraíonn an Clár faisnéis don phobal ar aitheantas na ndaoine sin a bhíonn i mbun cumarsáide leis an Rialtas agus le seirbhísigh shibhialta shinsearacha agus fostaithe sa tseirbhís phoiblí maidir le cúrsaí i leith beartas poiblí.
Leagtar amach leis an dá Chód (a d’eisigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil) na caighdeáin iompair agus ionracais d’fhostaithe agus do chomhairleoirí na n-údarás áitiúil. Leagtar amach leo leibhéal na hiompraíochta lena bhfuil an pobal i dteideal a bheith ag súil ó fhostaithe agus ó chomhairleoirí na n‑údarás áitiúil agus tá sé d’aidhm leo muinín an phobail as an rialtas áitiúil a choinneáil ar bun.
Comhlacht neamhspleách is ea an um Chaighdeáin in Oifigi Poiblí a bunaíodh i mí na Nollag 2001 leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001. Tá seisear ball aige agus iar-Bhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte ina c(h)athaoirleach air. Áirítear iad seo a leanas lena chuid feidhmeanna:
Rinneadh leasuithe san Proceeds of Crime (Amendment) Act 2005 chun cumhachtaí breise a thabhairt chun cabhrú le hoibriú an Bhiúró Shócmhainní Coiriula sa troid i gcoinne gach cineáil choireachta, lena n-áirítear coireacht lucht na mbónaí bána agus caimiléireacht.