Tá leagan Gaeilge den leathanach á ullmhú faoi láthair
Beidh na bearta ar fad i Leibhéal 5 i bhfeidhm go dtí an 5 Márta 2020 ar a laghad.
Gníomhaíocht | Treoir |
Scoileanna | Tá scoileanna dúnta faoi láthair do gach scoláire agus tá foghlaim ó chian i bhfeidhm. |
Cúram agus Oideachas Luathóige (ECCE) | Tá tús a chur arís le clár an ECCE curtha siar go dtí an 1 Feabhra |
Cúram Leanaí | Oscailte do leanaí leochaileacha agus leanaí oibrithe bunriachtanacha |
Earnáil na Tógála | Dúnfaidh earnáil na tógála ón 6pm Dé hAoine an 8 Eanáir, cé go mbeidh líon teoranta eisceachtaí i gceist |
Miondíol | Ionaid miondíolacháin bhunriachtanacha amháin. Ní bheidh cliceáil agus bailigh ó mhiondíoltóirí nach miondíoltóirí bunriachtanacha iad ceadaithe nuair a bheidh na horduithe atá acu cheana féin comhlíonta acu. Leanfar le cliceáil agus seachaid |
Taisteal chun na hÉireann | Féach ar na bearta nua maidir le taisteal idirnáisiúnta. |
Ag Leibhéal 5, mar gheall ar an mbaol sláinte poiblí atá ann, go n-iarrfar ort fanacht sa bhaile, seachas nuair is gá taisteal ar mhaithe leis an obair, oideachas nó cúiseanna bunriachtanacha eile, nó le haclaíocht a dhéanamh laistigh de 5km den bhaile. Ní cheadófar teacht le chéile ar bith taobh amuigh de líon beag daoine ag sochraid nó ag bainis.
Tá scoileanna dúnta faoi láthair do gach scoláire agus tá foghlaim ó chian i bhfeidhm.
Tá scoileanna dúnta faoi láthair do gach scoláire agus tá foghlaim ó chian i bhfeidhm.
Cuirfear tús arís le seirbhísí Youthreach de réir mar atá beartaithe.
Tá tús a chur arís le clár Cúraim agus Oideachais Luathóige (ECCE) curtha siar go dtí an 1 Feabhra.
Ba chóir go bhfanfadh ardoideachas, breisoideachas agus oideachas d’aosaigh ar líne go príomha
Tá seirbhísí cúraim leanaí oscailte do leanaí leochaileacha agus leanaí oibrithe bunriachtanacha. Áirítear oibrithe bunriachtanacha atá ag obair ón mbaile ar na hoibrithe bunriachtanacha atá i dteideal teacht a bheith acu ar sheirbhísí cúraim leanaí.
Beidh socruithe eile cúraim leanaí atá ann cheana ábalta leanúint orthu ag feidhmiú do leanaí leochaileacha agus do leanaí oibrithe bunriachtanacha amháin.
Chomh maith leis sin, beidh teaghlach oibrí bunriachtanach, nach bhfuil socrú cúraim leanaí acu cheana, ábalta bolgán a bhunú le teaghlach eile chun na críche cúram leanaí a chur ar fáil.
Dúnfaidh earnáil na tógála ón 6pm Dé hAoine an 8 Eanáir, cé go mbeidh líon teoranta eisceachtaí i gceist lena n-áirítear:
• tionscadail riachtanacha sláinte agus tionscadail lena mbaineann lena n-áirítear tionscadail a bhaineann le cosc agus srian a chur ar scaipeadh COVID-19 agus an scaipeadh sin a laghdú nó a mhoilliú.
• tionscadail tithíochta sóisialta, lena n-áirítear folúis atá ainmnithe ina suíomhanna riachtanacha ag Údaráis Áitiúla bunaithe ar chritéir shocraithe
• deontais oiriúnaithe tithíochta sa chás go bhfuil úinéir an tí sásta go ndéanfaí oiriúnaithe ar a theach
• obair dheisiúcháin, chothabhála agus thógála ar ghnéithe den bhonneagar ríthábhachtach iompair agus fóntais
• suíomhanna shaoráidí oideachais atá ainmnithe ina suíomhanna atá riachtanach ag an Roinn Oideachais
• seirbhísí cothabhála agus deisiúcháin riachtanacha nó éigeandála a chur ar fáil do ghnólachtaí agus in árais chónaithe (lena n-áirítear seirbhísí leictreachais, gáis, pluiméireachta, gloine agus dín) ar bhonn ghlao amach éigeandála amháin
• tionscadail mhóra áirithe thógála san earnáil onnmhaire / FDI bunaithe ar chritéir shocraithe.
• maidir le tithe príobháideacha atá ionann is críochnaithe agus a bhfuil sé beartaithe daoine a bheith ina gcónaí iontu faoin 31 Eanáir 2021, lena n-áirítear tithe a bhfuil obair ar fhabhtanna agus obair riachtanach fheabhsúcháin, mar obair piríte, gar do bheith tugtha chun críche, ba cheart leanúint leis an obair chun go mbeidh úinéirí na dtithe sin ábalta dul isteach ina gcuid tithe. Ba cheart go leanfaí de theas, uisce, leathanbhanda agus leictreachas a shuiteáil chun go mbeidh daoine ábalta cónaí sna tithe.
• ciallaíonn cosaintí tionóntachta reatha nach féidir tionónta a chur amach as a áras cónaithe le linn na tréimhse ina bhfuil na srianta taistil 5km i bhfeidhm. Tá sé aontaithe chomh maith go mbeidh cur chuige réamhshocraithe i bhfeidhm chun féachaint ar réadmhaoin chun críocha cíosa nó díolacháin d'fhonn feidhmiú áirithe den mhargadh tithíochta agus den mhargadh tionóntachtaí cónaithe a éascú le linn an ama seo, agus nach mbeidh cead féachaint ar réadmhaoin go fisiciúil go dtí go mbeidh comhaontú tionóntachta á dhéanamh nó go dtí go mbeidh conradh i gcomhair díolacháin dréachtaithe. Cinnteoidh an cur chuige seo go mbeidh cothromaíocht ann idir an gá atá ann idirghníomhaíocht shóisialta a sheachaint agus an gá atá ann bealach a chur ar fáil do dhaoine a dteastaíonn sé uathu tionóntacht agus úinéireacht ar theach cónaithe a bhaint amach.
Beidh na siopaí ar fad dúnta seachas siopaí bunriachtanacha.
Beidh na seirbhísí ar fad nach bhfuil bunriachtanach dúnta.
Cliceáil agus Seachaid
Ba cheart stop a chur le cliceáil agus seachaid ó shiopaí nach bhfuil bunriachtanach agus sin a dhéanamh láithreach.
Beifear ábalta orduithe a bhí déanta cheana féin a bhailiú.
Beidh cead leanúint den chliceáil agus seachaid
I do theach nó i do ghairdín
Ní cheadófar cuairteoirí chuig tithe/gairdíní príobháideacha seachas cuairt ar chuspóirí bunriachtanacha teaghlaigh ar nós aire a thabhairt do leanaí, do sheandaoine no do dhaoine leochaileacha, nó mar chuid de bholgán tacaíochta.
Suíomhanna seachas do theach cónaithe nó do ghairdín
Níor cheart imeachtaí sóisialta ná imeachtaí teaghlaigh a bheith ar siúl in aon áit eile.
Suas le 6 aoi a bheidh ceadaithe.
Timpeallachtaí rialaithe iad seo a bhfuil duine ainmnithe ina bhfeighil, dála eagraí imeachtaí, úinéir nó bainisteoir.
Mar shampla: cúrsaí oiliúna gnó, comhdhálacha, imeachtaí in amharclanna nó i bpictiúrlanna nó imeachtaí ealaíon eile (gan spórt a bheith san áireamh).
Níor cheart go dtarlódh aon teacht le chéile eagraithe faoi dhíon.
Timpeallachtaí rialaithe iad seo a bhfuil duine ainmnithe ina bhfeighil, dála eagraí imeachtaí, úinéir nó bainisteoir. Mar shampla: imeachtaí ealaíon taobh amuigh, imeachtaí traenála.
Níor cheart go dtarlódh aon teacht le chéile eagraithe faoin aer.
Traenáil
Beidh daoine ábalta bualadh le daoine eile ó theaghlach amháin eile i suíomhanna faoin aer chun aclaíocht a dhéanamh.
Níor cheart gníomhaíochtaí ghrúpaí aclaíochta faoi dhian ná faoin aer, lena n-áirítear gníomhaíochtaí lena mbaineann leanaí, a bheith ar siúl.
Ní cheadófar galf ná leadóg faoin aer.
Daoine aonair amháin le bheith i mbun traenála. Gan aon ranganna aclaíochta ná damhsa. Ní cheadófar teacht le chéile chun tabhairt faoi "thraenáil aonair" ach amháin do spóirt ghairmiúla agus scothspóirt.
Cluichí agus Imeachtaí
Beidh cead leanúint le spóirt ghairmiúla, scothspóirt, rásaíocht chapall, rásaíocht chon agus imeachtaí eachaíochta atá ceadaithe gan aon lucht féachana i láthair.
Ní cheadófar aon chluichí ná imeachtaí eile.
Ionaid aclaíochta, Ionaid Fóillíochta agus Linnte Snámha
Beidh ionaid aclaíochta, ionaid fóillíochta agus linnte snámha dúnta.
Eagrófar seirbhísí ar líne.
Fanfaidh ionaid adhartha oscailte le haghaidh urnaí phríobháideach amháin.
Ní mór tús áite a thabhairt do mhuintir an té atá básaithe agus freastal á dhéanamh ar shochraidí, bíodh sin in áras cónaithe an duine sin nó i dTeach Tórraimh.
Mar an gcéanna, níl cead ag duine ar bith ach ag muintir an té atá básaithe freastal ar shéipéil agus ar reiligí.
Is bocht an scéal é go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na sochraidí sa tríú ráig seo. Tá imní á chur in iúl maidir leis an gcontúirt a bhaineann le bheith níos neamhairdeallaí ag sochraidí le linn an trátha seo agus muid ag iarraidh an cuar a chothromú go mór agus é a choinneáil ag an leibhéal sin. Is ábhar mór imní iad na tuairiscí atá faighte maidir le daoine ag teacht le chéile i dtithe mhuintir an té atá básaithe agus i dtithe tórraimh, nó i séipéil agus i reiligí, roimh agus i ndiaidh na seirbhísí.
D'fhéadfadh sé go dtiocfadh daoine a bhíonn ag seasamh ar thaobh an bhóthair mar chomhartha ómóis agus sochraid ag dul thar bráid le chéile i ndoirse séipéil agus in áiteanna eile ar feadh an bhealaí chun foscadh a fháil mar gheall ar an drochaimsir atá ann i láthair na huaire. Cuireann gach teagmháil le duine leis an mbaol atá ann go scaipfidh an víreas an-tógálach seo. Ba cheart do dhuine ar bith ar mhaith leo comhbhrón a dhéanamh sin a dhéanamh ar na meáin shóisialta, ar láithreáin gréasáin ar líne, le téacs nó le cárta.
Tá sé ríthábhachtach, in ainneoin an chaoi a n-airímid agus an mhian atá againn a bheith i dteannta daoine eile agus barróg a thabhairt dá chéile, meas a léiriú ar an gcás ina bhfuilimid nuair atáimid ag iarraidh comhbhrón a dhéanamh le teaghlaigh a bhfuil duine muinteartha leo básaithe. Is tábhachtach atá sé aird a choinneáil ar ár gcuspóir - scaipeadh an víris a laghdú - agus gur cheart dúinn ar fad an rud ceart a dhéanamh, fiú agus é aisteach agus deacair sin a dhéanamh.
Beidh siad ar fad dúnta.
Seirbhísí ar líne ar fáil.
Bia le breith leat agus a thugtar chuig an doras chugat amháin.
Dúnta.
Clubanna oíche, dioscónna agus caisíní
Fanfaidh clubanna oíche, dioscónna agus casaíní dúnta.
Oscailte chun críche riachtanacha amháin nach mbaineann le cúrsaí sóisialta ná turasóireachta.
Déantar obair ón mbaile murar obair bhunriachtanach maidir le cúrsaí sláinte, coimirce sóisialta nó seirbhís bhunriachtanach eile atá i gceist agus nach féidir í a dhéanamh ón mbaile.
Baile
Iarrtar ar dhaoine fanacht sa bhaile seachas nuair is gá taisteal ar mhaithe leis an obair, oideachas nó chun críocha riachtanacha eile, nó le haclaíocht a dhéanamh laistigh de 5km den bhaile.
Is féidir leat taisteal a dhéanamh ar na cúiseanna seo a leanas:
• taisteal chuig an obair agus abhaile ón obair, sa chás gur seirbhísí bunriachtanacha atá i gceist leis an obair sin
• ceadófar do mhúinteoirí, SNAnna agus foireann eile scoile taisteal chun na scoile chun foghlaim ó chian a éascú
• le dul ag coinní leighis agus cóir leighis agus táirgí sláinte eile a bhailiú
• taisteal ar mhaithe le freastal ar sheirbhísí míchumais lae
• taisteal ar mhaithe le freastal ar chúirt
• ar mhaithe le cúiseanna bunriachtanacha teaghlaigh, mar shampla aire a thabhairt do leanaí, do dhaoine aosta nó do dhaoine a bheadh i mbaol, agus go háirithe do dhaoine a chónaíonn astu féin ach le cosc ar chuairt shóisialta ar ghaolta
• chun bia a cheannach
• ar mhaithe le feirmeoireacht (bia a tháirgeadh nó aire a thabhairt d’ainmhithe)
• freastal ar phósadh/bainis nó sochraid
• dul chuig uaigh
Idirnáisiúnta
Tá sé de cheanglas ar phaisinéirí atá ag teacht chun na hÉireann (seachas paisinéirí atá ag teacht ó Thuaisceart Éireann) toradh diúltach / 'níor braitheadh' COVID-19 a bheith faighte acu ar thástáil PCR COVID-19 a rinneadh suas le 72 uair sular tháinig siad go hÉirinn a bheith acu.
Iarrfar ar phaisinéirí a gcruthúnas ar thoradh diúltach / 'níor braitheadh' COVID-19" a chur i láthair sula dtéann siad ar bord an eitleáin nó an bháid farantóireachta, agus beidh sé de cheanglas orthu an cruthúnas sin a chur faoi bhráid Oifigeach Inimirce ag pointí iontrála isteach sa Stát.
Is ionann a theacht chuig Aerfort nó Calafort de chuid na hÉireann gan cruthúnas a bheith ag paisinéirí ar thoradh diúltach / 'níor braitheadh' COVID-19 agus coir a dhéanamh agus d'fhéadfadh an té sin a bheith faoi réir ionchúisimh, cion a ngabhann fíneáil nach mó ná €2,500 nó príosúnacht ar feadh tréimhse nach mó ná 6 mhí, nó an dá phionós sin, leis.
Tá Oibrithe Iompair Idirnáisiúnta, lena n-áirítear, lucht oibre na n-earnálacha eitlíochta, muirí agus iompar bóthair díolmhaithe ón gceanglas sin agus iad ag taisteal i mbun dualgais.
Tá leanaí 6 bliana nó níos óige iad féin díolmhaithe ón gceanglas tástála sin, cé go moltar dóibh srian a chur lena gcuid gluaiseachta ar feadh 14 lá.
Níl sé de cheanglas ar phaisinéirí atá ag teacht chun na hÉireann ar mhaithe le taisteal ar aghaidh chuig stát eile agus sin amháin, agus gan an t-aerfort á fhágáil, cruthúnas ar thástáil a chur ar fáil.
Má tá cúis mhacánta éigeandála dhaonnúil ag saoránach agus go bhfuil gá dó taisteal práinneach a dhéanamh, ba cheart dó teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire dó láithreach chun comhairle agus cabhair chonsalachta a fháil sula gcuireann sé tús lena thuras.
Ar oscailt le bearta cosanta i bhfeidhm.
Déantar siúl nó rothaíocht nuair is féidir.
Seachnaítear an córas iompair phoiblí - seachas i gcás oibrithe bunriachtanacha agus cúiseanna bunriachtanacha amháin.
Cuirfear teorainn 25% i bhfeidhm maidir le líon na ndaoine ar an gcóras iompair phoiblí.
Ba cheart dóibh sin atá os cionn 70 bliain d'aois agus do dhaoine atá leochaileach ó thaobh cúrsaí sláinte a bheith cúramach maidir leis an méid caidrimh a bhíonn acu le daoine eile agus a mhéid a ghlactar páirt i ngníomhaíochtaí taobh amuigh den áras cónaithe.
• [external-link https://www.hpsc.ie/a-z/respiratory/coronavirus/novelcoronavirus/guidance/vulnerablegroupsguidance/Guidance For Older People and Others-Reducing COVID-19 Exposure Risk.pdf | treoir do dhaoine scothaosta agus daoine eile i mbaol]
Ní cheadaítear cuairteoirí ach amháin i gcásanna géarghá agus comhbhá.
Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú