An Líonra Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is líonra bóithre, línte iarnróid, calafort agus aerfort ar fud na hEorpa é an líonra iompair tras-Eorpach (TEN-T). Tá comhpháirteanna an líonra TEN-T agus riachtanais an bhonneagair ar fud an líonra leagtha amach i Rialachán (AE) 1315/2013 , ar a dtugtar an Rialachán TEN-T.
Tá an líonra comhdhéanta den Líonra Cuimsitheach agus fo-shraith ar a dtugtar an Croí-Líonra. Is é an Croí-Líonra an chuid is straitéisí den líonra. Ceanglaítear bonneagar iompair ar an gCroí-Líonra a chur i gcrích de réir an chaighdeáin atá leagtha amach sa Rialachán faoi 2030. Is líonra níos leithne é an Líonra Cuimsitheach a éilítear é a chur i gcrích faoi 2050.
Is féidir léarscáileanna den líonra TEN-T a fheiceáil ar an tairseach idirghníomhach TENtec .
D'fhoilsigh Coimisiún an Aontais a thogra faoi Rialachán maidir le Líonra Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) athbhreithnithe i mí na Nollag 2021. Leagtar amach sa Rialachán seo líonra iarnróid, uiscebhealaí intíre, bealaí loingseoireachta, bóithre, calafort, aerfort agus críochfort lasta ar fud an AE chomh maith leis na ceanglais maidir le bonneagar ar an líonra seo.
Is iad príomhaidhmeanna an athbhreithnithe forbairt an líonra TEN-T a ailíniú le spriocanna aeráide an AE, modhanna éagsúla iompair agus nóid uirbeacha a chomhtháthú níos fearr, teacht aniar an líonra a mhéadú, agus na forálacha rialachais a threisiú.
Leis an togra nua seo, déantar athbhreithniú ar léarscáil an líonra, moltar caighdeáin nuashonraithe le haghaidh bonneagar ar an líonra, agus leagtar amach spriocdhátaí faoina gcaithfear bonneagar a thabhairt chuig an gcaighdeán riachtanach.
Tá caibidlíocht ar an togra ar siúl sa Bhruiséil agus is féidir leat an dul chun cinn orthu a leanúint anseo .
Is í an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) don Iompar ionstraim chistiúcháin an Aontais a thacaíonn le forbairt ar an líonra tras-Eorpach iompair (TEN-T).
Leagtar amach rialacha agus cuspóirí na Saoráide um Chónascadh na hEorpa don tréimhse 2021-2017 i Rialachán CEF .
Is é cuspóir ginearálta an chláir Iompair CEF reatha ná an líonra TEN-T a fhorbairt agus a chur i gcrích, agus spriocanna fadtéarmacha aeráide an Aontais Eorpaigh á gcur san áireamh ag an am céanna. Is é €25.81 bhilliún an buiséad foriomlán a leithdháiltear ar thionscadail iompair le linn na tréimhse seo.
Seachadtar cistiú CEF i bhfoirm deontas a leithdháiltear tar éis glaonna iomaíocha ar thograí. Bíonn rátaí cistiúcháin éagsúla ann ag brath ar choinníollacha gach glao agus ar chineál an tionscadail, idir 20% agus 50% de na costais incháilithe, de ghnáth.
Cuirtear iarratais ar chistiú CEF faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA), a oibríonn i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún Eorpach. Déanann CINEA measúnú ar gach iarratas agus monatóireacht ar chur i bhfeidhm na dtionscadal a n-éiríonn leo.
Is féidir teacht ar fhaisnéis faoi rannpháirtíocht na hÉireann sa CEF go dtí seo agus faoi thionscadail aonair ar shuíomh gréasáin CINEA .
Tá faisnéis faoi ghlaonna reatha agus faoi ghlaonna cistiúcháin roimhe seo le fáil ar Thairseach Chistiúcháin agus Tairiscintí an AE .
Tá sé mar aidhm ag an tSaoráid um Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFIF) tacú le bonneagar malartach soláthair breosla a imscaradh ar an líonra TEN-T.
Osclaítear an Glao AFIF is déanaí an 29 Feabhra 2024. Tá tionscadail ó Éirinn i dteideal iarratas a dhéanamh faoin gclúdach ‘Ginearálta’, a bhfuil buiséad €780m san iomlán ag baint leis. Cuirfear maoiniú ar fáil faoi na glaonna seo le tacú le cur ar fáil bonneagair breoslaí malartacha, lena n-áirítear:
• Bonneagar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a bhfuil fáil ag an bpobal air ar ghréasán bóithre TEN-T agus i nóid uirbeacha TEN-T
• Leictriú oibríochtaí ag calafoirt agus aerfoirt TEN-T
• Bonneagar athbhreoslaithe hidrigine d’fheithiclí tromshaothair, feithiclí saothair éadroim, iompar poiblí, árthaí muirí, oibríochtaí calafoirt, iarnróid, agus aerfoirt atá ar ghréasán TEN-T
• Saoráidí stórála amóinia agus meatánóil i gcalafoirt TEN-T
Is 'glao cumaisc' é AFIF, rud a chiallaíonn nach mór d'iarratasóirí tacaíocht ó institiúid airgeadais a fháil le haghaidh 10% ar a laghad de chostas foriomlán an tionscadail sula ndéanann siad iarratas.
Is glao rollach é AFIF agus roinnt spriocdhátaí éagsúla i gceist. Seo a leanas na spriocdhátaí:
• 24 Meán Fómhair 2024
• 11 Meitheamh 2025
• 17 Nollaig 2025
Tá tuilleadh eolais faoin nglao ar fáil anseo.
Más spéis leat iarratas a dhéanamh ar chistiú AFIF, déan teagmháil linn ag CEF@transport.gov.ie ar a laghad dhá mhí roimh an spriocdháta taiscthe.
Má tá ceisteanna agat faoi CEF nó TEN-T agat, déan teagmháil linn ag CEF@transport.gov.ie