An Grúpa Oibre um Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta
- Foilsithe: 30 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 6 Eanáir 2026
- Cúlra
- Téarmaí Tagartha
- Miontuairiscí
- Foghrúpa
- Comhairliúchán Poiblí
- Fóram Comhairliúcháin
- Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta
- Cur chun feidhme
Cúlra
Foilsíodh an Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta an 17 Aibreán 2025. Leagtar amach sa Straitéis 9 ngealltanas agus 36 ghníomhaíocht chun dul i ngleic le fadhb na bréagaisnéise. Bhí na gníomhaíochtaí múnlaithe ag tuairimí a fuarthas i gcomhairle leis an bpobal agus le réimse saineolaithe agus eagraíochtaí atá ag obair faoi láthair chun dul i ngleic leis an bhfadhb.
Ba phríomh-mholadh de chuid Choimisiún Todhchaí na Meán é Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta a fhorbairt, inar éilíodh cur chuige níos comhordaithe agus níos straitéisí chun dul i ngleic le tionchar díobhálach na bréagaisnéise ar shochaí agus ar dhaonlathas na hÉireann.
Bunaíodh an Grúpa Oibre a raibh sé de chúram air an Straitéis a fhorbairt i mí Feabhra 2023. Ghníomhaigh saineolaí litearthachta sna meáin mar chathaoirleach neamhspleách ar an nGrúpa Oibre, agus bhí ionadaithe ann ó Ranna Rialtais, ó chomhlachtaí poiblí, ó earnáil na tionsclaíochta, ón saol acadúil agus ón tsochaí shibhialta. Chuir an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt rúnaíocht ar fáil. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an nGrúpa Oibre ar fáil anseo.
D’aontaigh an Grúpa Oibre go mbeadh an Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta bunaithe ar chearta agus struchtúrtha thart ar chúig phrionsabal, eadhon athléimneacht agus iontaoibh a chothú trí thionscnaimh oideachais agus litearthachta sna meáin, tacú le hiriseoireacht neamhspleách ar ardchaighdeán, comhar agus comhoibriú méadaithe, freagraí fianaisebhunaithe, chomh maith le cuntasacht chorparáideach agus forfheidhmiú rialála.
Téarmaí Tagartha
D’aontaigh an Grúpa Oibre ar a dtéarmaí tagartha ar an 24ú Márta, agus iad bunaithe ar mholadh an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán. Leagtar amach na Téarmaí Tagartha sa doiciméad thíos.
Miontuairiscí
2023
Feabhra
Reachtáil an Grúpa Oibre, a bhfuil sé de chúram acu an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise a fhorbairt, a gcéad chruinniú ar an 24ú Feabhra. Tá miontuairiscí an chruinnithe ceangailte thíos, chomh maith leis an chur i láthair a thug EDMO Éireann.
Márta
Bhuail an Grúpa Oibre arís ar an 24 Márta. Tá miontuairiscí an chruinnithe ceangailte thíos chomh maith le cur i láthair ó Webwise agus ón Institiúid um Chomhplé Straitéiseach (ISD).
Aibreán
Bhuail an Grúpa Oibre don tríú huair ar an 20 Aibreán. Tá miontuairiscí an chruinnithe ceangailte thíos, chomh maith le cur i láthair ó FactCheck de chuid The Journal agus ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Bealtaine
Bhuail an Grúpa Oibre arís ar an 25 Bealtaine. Tá miontuairiscí an chruinnithe ceangailte thíos chomh maith le cur i láthair ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, ón Tionscadal VIGILANT agus ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath/Coimisiún na Meán.
Meitheamh
Reáchtáladh ceardlann do gach ball den Ghrúpa Oibre agus de na Foghrúpaí ar an 8 Meitheamh (tuilleadh eolais ar na Foghrúpaí thíos). Tá miontuairiscí an chruinnithe ceangailte thíos, chomh maith le cur i láthair ón Chomhairle um Chearta an Duine (ICCL) agus ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh.
Iúil
Bhuail an Grúpa Oibre le chéile don chúigiú huair ar an 3 Iúil. Tá miontuairiscí an chruinnithe seo sa cheangaltán thíos.
Lúnasa
Bhuail an Grúpa Oibre le chéile don séu huair ar an 10 Lúnasa. Tá miontuairiscí an chruinnithe seo sa cheangaltán thíos.
Meán Fómhair
Bhuail an Grúpa Oibre le chéile arís ar an 28 Meán Fómhair. Tá miontuairiscí an chruinnithe thíos, mar aon le cur i láthair a thug lucht an Ionaid Náisiúnta Cibearshlándála.
Mí Dheireadh Fómhair
Bhuail an Grúpa Oibre le chéile don ochtú huair ar an 27 Deireadh Fómhair. Tá miontuairiscí an chruinnithe thíos, mar aon le cur i láthair a thug lucht an Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Mí na Samhna
Bhuail an Grúpa Oibre le chéile arís ar an 24 Samhain. Tá miontuairiscí an chruinnithe thíos, mar aon le cur i láthair a thug lucht Hope and Courage Collective.
Mí na Nollag
Bhuail an Grúpa Oibre le chéile don deichiú huair ar an 15 Nollaig. Tá miontuairiscí an chruinnithe sa cheangaltán thíos.
Feabhra
Bhuail an Grúpa Oibre le chéile don aonú huair déag ar an 8 Feabhra 2024. Tá miontuairiscí an chruinnithe sa cheangaltán thíos.
Márta
Bhuail an Grúpa Oibre le chéile don aonu huair déag ar an 12 Márta 2024. Tá miontuairiscí an chruinnithe sa cheangaltán thíos mar aon le cur i láthair Chomhairle na nÓg.
2025
Feabhra
Bhuail an Grúpa Oibre le chéile don tríú huair déag ar an 7 Feabhra 2025. Tá miontuairiscí an chruinnithe sa cheangaltán thíos.
Foghrúpa
Chuir an Grúpa Oibre trí fhoghrúpa ar bun chun iniúchadh a dhéanamh ar réimsí oibre ar leith a bhaineann le bréagaisnéis agus bearta ina héadan. Tá níos mó sonraí faoi na foghrúpaí ceangailte thíos.
Comhairliúchán Poiblí
Reáchtáladh comhairliúchán poiblí scríofa ar líne ón 25 Meán Fómhair go dtí an 20 Deireadh Fómhair. Fuarthas 470 aighneacht agus rinneadh athbhreithniú ar na haighneachtaí.
Fóram Comhairliúcháin
Reáchtáladh fóram comhairliúcháin de pháirtithe leasmhara ar tugadh cuireadh dóibh ar an 29 Samhain 2023 in The Helix, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá nóta faoin imeacht agus liosta tinrimh sa cheangaltán thíos.
Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta
Cur chun feidhme
Tar éis a foilsithe i mí Aibreáin 2025, táthar ag díriú anois ar chur chun feidhme na Straitéise Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta. Féadtar teacht ar thuilleadh eolais anseo.