Athruithe ar Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ón 1 Eanáir 2024, beidh duine in ann a bPinsean Stáit (Ranníocach) a tharraingt idir 66 agus 70 bliain d'aois. Tabharfaidh sé seo deis do dhuine leanúint de bheith ag obair agus ÁSPC a íoc a d'fhéadfadh a dtaifead ranníocaíochta a fheabhsú ar an dáta a ndéanann siad cinneadh a bPinsean Stáit (Ranníocach) a tharraingt.
Mar atá cúrsaí faoi láthair, ní íocann duine nuair is fostaí é/í in aois a 66 bliain nó os a chionn ÁSPC ar a (h)ioncam (cé go n-íocfaidh a f(h)ostóir Aicme J ag an ráta 0.50%). Ní íocann duine féinfhostaithe atá 66 bliain d'aois nó os a chionn ÁSPC (tugtha ar ais ag Aicme M, ranníocaíocht nialasach).
Ón 1 Eanáir 2024, beidh athrú ar uasteorainn aoise don díolúine ÁSPC de réir reachtaíochta idir 66 agus 70 bliain d'aois. Beidh feidhm aige seo maidir leis an bhfostaí, leis an bhfostóir agus leis an dliteanas ÁSPC féinfhostaithe.
Beidh feidhm ag an athrú seo maidir le gach duine nuair is fostaithe iad agus le daoine féinfhostaithe gan na príomhchatagóirí seo a leanas a áireamh:
Ní dhéanfaidh na hathruithe difear do chúinsí ÁSPC do dhaoine a bhain 66 bliain d'aois amach cheana féin faoin 1 Eanáir 2024. Mar shampla, ní gá d'fhostaithe ÁSPC a íoc ar a n-ioncam agus leanfaidh a bhfostóir d'Aicme J a íoc ag an ráta 0.5%.
Tá sé tábhachtach d'fhostóir an aicme cheart ÁSPC a chur ar ais mar go bhféadfadh an méid seo a leanas a bheith mar thoradh ar thuairisceán mícheart:
Ón 1 Eanáir 2024, ní mór d'fhostóirí fios a bheith acu ar bronnadh an Pinsean Stáit (Ranníocach) ar a bhfostaí, atá idir 66 agus 70 bliain d'aois agus a rugadh tar éis an 1 Eanáir 1958, chun an aicme ÁSPC chuí a shannadh.
Dá bhrí sin, beidh ar fhostóirí a dheimhniú lena bhfostaithe atá idir 66 agus 70 bliain d'aois agus a rugadh tar éis an 1 Eanáir 1958, cibé acu ar bronnadh an Pinsean Stáit (Ranníocach) orthu. Nuair a bhronntar an Pinsean Stáit (Ranníocach) ar dhuine, cuirtear in iúl dóibh sa litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí i gcás má leanann siad de bheith ag obair tar éis an Pinsean Stáit (Ranníocach) a bhronnadh orthu, tá sé tábhachtach go gcuireann siad in iúl dá bhfostóir go bhfuil Pinsean Stáit (Ranníocach) á fháil acu lena chinntiú nach n-íocann siad ÁSPC.
Ón 1 Eanáir 2024, leanfaidh fostaithe idir 66 agus 70 bliain d'aois agus a rugadh tar éis an 1 Eanáir 1958 de bheith faoi dhliteanas ÁSPC go dtí go mbronnfar an Pinsean Stáit (Ranníocach) orthu nó sin go mbainfidh siad 70 bliain d'aois amach.
Nuair a bhronntar a bPinsean Stáit (Ranníocach) ar fhostaí agus leanann siad de bheith ag obair, tá sé ríthábhachtach go gcuireann an duine a bhfostóir ar an eolas lena chinntiú nach leanann siad ar aghaidh ag íoc ÁSPC (beidh feidhm ag ÁSPC Aicme J).
Ón 1 Eanáir 2024, leanfaidh daoine féinfhostaithe idir 66 agus 70 bliain d'aois agus a rugadh tar éis an 1 Eanáir 1958 de bheith faoi dhliteanas ÁSPC go dtí go mbronnfar an Pinsean Stáit (Ranníocach) orthu nó go mbainfidh siad 70 bliain d'aois amach.
Nuair a bhronntar a bPinsean Stáit (Ranníocach) ar dhuine féinfhostaithe agus nuair a leanann sé nó sí de bheith ag obair, ní bheidh siad faoi dhliteanas ÁSPC (beidh feidhm ag ÁSPC Aicme M).
Tá Ann 68 bliain d'aois (dáta breithe an 9 Lúnasa 1955) fostaithe i miondíol agus ag tuilleamh €100 sa tseachtain, nach bhfuil ag fáil Pinsean Stáit (Ranníocach).
Níl tuilleamh Ann faoi réir ÁSPC toisc go bhfuil sí os cionn 66 bliain d'aois. Tá feidhm ag ÁSPC Aicme J.
Níl tuilleamh Ann faoi réir ÁSPC toisc go bhfuil sí os cionn 66 bliain d'aois ar an 1 Eanáir 2024. Leantar le feidhm ÁSPC Aicme J.
Tá Mary 68 bliain d'aois (dáta breithe an 9 Lúnasa 1955), fostaithe i miondíol agus ag tuilleamh €100 sa tseachtain, ag fáil Pinsean Stáit Ranníocach.
Níl tuilleamh Mary faoi réir ÁSPC toisc go bhfuil sí os cionn 66 bliain d'aois amhail ar an 1 Eanáir 2024 agus go bhfuil Pinsean Stáit (Ranníocach) á fháil aici. Tá feidhm ag ÁSPC Aicme J.
Níl tuilleamh Mary faoi réir ÁSPC toisc go bhfuil sí os cionn 66 bliain d'aois ar an 1 Eanáir 2024 agus go bhfuil Pinsean Stáit (Ranníocach) á fháil aici. Leantar le feidhm ÁSPC Aicme J.
Tá Joe 65 bliain d'aois (dáta breithe an 9 Lúnasa 1958), fostaithe i miondíol agus ag tuilleamh €100 sa tseachtain, níl teidlíocht Pinsin Stáit (Ranníocach) aige.
Tá tuilleamh Joe faoi réir ÁSPC toisc go bhfuil sé faoi bhun 66 bliain d'aois ach faoi na rialacha atá ann faoi láthair bheadh a thuilleamh díolmhaithe ó ÁSPC nuair a bhainfidh sé 66 bliain d'aois amach ar an 9 Lúnasa 2024. Tá feidhm ag ÁSPC Aicme A faoi láthair.
Leanfaidh tuilleamh Joe de bheith faoi réir ÁSPC toisc gur rugadh é tar éis an 1 Eanáir 1958, go bhfuil sé faoi bhun 70 bliain d'aois, agus nach bhfuil Pinsean Stáit (Ranníocach) á fháil aige. Leantar le feidhm ÁSPC Aicme A tar éis 66 bliain d'aois .
Tá Pat 65 bliain d'aois (dáta breithe an 9 Lúnasa 1958) fostaithe i miondíol agus ag tuilleamh €100 sa tseachtain, agus tá teidlíocht aige ar Phinsean Stáit (Ranníocach), a bhfuil sé i gceist aige a fheidhmiú, nuair a bhainfidh sé 66 bliain d'aois amach.
Tá tuilleamh Pat faoi réir ÁSPC toisc go bhfuil sé faoi bhun 66 bliain d'aois ach faoi na rialacha atá ann faoi láthair bheadh a thuilleamh díolmhaithe ó ÁSPC nuair a bhainfidh sé 66 bliain d'aois amach ar an 9 Lúnasa 2024. Tá feidhm ag ÁSPC Aicme A faoi láthair.
Beidh tuilleamh Pat díolmhaithe ó ÁSPC óna 66ú lá breithe (9 Lúnasa 2024) mar go mbeidh sé ag fáil Pinsean Stáit (Ranníocach) ón dáta sin. Beidh feidhm ag ÁSPC Aicme J ó 66 bliain d'aois.
Tá Seán 65 bliain d'aois (dáta breithe an 9 Lúnasa 1958) fostaithe i miondíol agus ag tuilleamh €100 sa tseachtain agus tá teidlíocht aige ar Phinsean Stáit (Ranníocach) ar 66 bliain d'aois a bhaint amach. Tá cinneadh déanta ag Seán, áfach, gan a Phinsean Stáit (Ranníocach) a fháil ag 66 agus é a chur siar go dtí dáta níos déanaí.
Tá tuilleamh Sheáin faoi réir ÁSPC toisc go bhfuil sé faoi bhun 66 bliain d'aois ach faoi na rialacha atá ann faoi láthair bheadh a thuilleamh díolmhaithe ó ÁSPC nuair a bhainfidh sé 66 bliain d'aois amach ar an 9 Lúnasa 2024. Tá feidhm ag ÁSPC Aicme A faoi láthair.
Leanfaidh tuilleamh Sheáin de bheith faoi réir ÁSPC toisc gur rugadh é tar éis an 1 Eanáir 1958, go bhfuil sé faoi bhun 70 bliain d'aois, agus go bhfuil fáil a Phinsean Stáit (Ranníocach) curtha siar aige sé sin, nach bhfuil sé ag fáil Pinsean Stáit Ranníocach. Leanfar le feidhm ÁSPC Aicme A.
Aicme ÁSPC | Duine a rugadh roimh/tar éis an 1 Eanáir 1958 | Aicme ÁSPC reatha faoi bhun 66 bliain d'aois | Aicme ÁSPC reatha tar éis aois 66 | Ón 1 Eanáir 2024, ranníocóirí idir 66 & 70 bliain d'aois agus nár bronnadh SPC orthu | Ón 1 Eanáir 2024, ranníocóirí idir 66 & 70 bliain d'aois agus ar bronnadh SPC orthu | Aicme ÁSPC tar éis 70 bliain d'aois |
A | Roimh | A | J | J | J | J |
Tar éis | A | J | A | J | J | |
S | Roimh | S | M | M | M | M |
Tar éis | S | M | S | M | M |