Ní thugtar aon sainmhíniú i ndlí na hÉireann ar an téarma "gnáthchónaí".
Ciallaíonn sé go ginearálta:
Ní mór duit gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn chun cáiliú do na híocaíochtaí seo a leanas:
Baineann an coinníoll seo le haon duine a dhéanann iarratas ar na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo, beag beann ar a náisiúntacht.
Má dhéanann tú iarratas ar íocaíocht leasa shóisialaigh lena n-áirítear méadú i leith duine fásta cáilithe nó leanbh cáilithe, ní mór a mheas go bhfuil tusa, an t-iarratasóir, mar dhuine a bhfuil gnáthchónaí ort sa Stát.
Chun a bheith i dteideal íocaíochta, ní mór duit gach coinníoll cáilitheach eile a chomhlíonadh.
Chun an Coinníoll Gnáthchónaithe (HRC) a shásamh, ní mór duit:
agus
Is iad na cúig chúinse:
Ní mheasfar gnáthchónaí a bheith ort ach amháin má chomhlíonann tú an dá chuid den choinníoll.
I measc na ndaoine a bhfuil cheart chun cónaí acu tá na daoine seo a leanas:
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chead inimirce a chlárú, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin sheirbhís Inimirce na hÉireann.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar an gceart chun cónaí, féach Na Treoirlínte Oibríochtúla HRC.
Tá roinnt cúinsí ann nuair nach gá measúnú HRC a dhéanamh ar íocaíochtaí nuair is gá duit an HRC a shásamh de ghnáth chun cáiliú.
Tagann na cúinsí seo chun cinn nuair a mheastar íocaíocht mar Shochar Teaghlaigh nó íocaíocht Bhuntáiste Sóisialta:
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi Shochair Teaghlaigh agus Íocaíochtaí Buntáiste Sóisialta anseo.
Más gá duit an Coinníoll Gnáthchónaithe a shásamh le haghaidh íocaíochta, d'fhéadfaí go n-iarrfar ort an fhoirm HRC1 a chomhlánú.
Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a rinneadh i do chás, tá an ceart agat go ndéanfar athbhreithniú agus/nó tá an ceart agat go ndéanfar achomharc.
Tá treoir bhreise maidir le conas achomharc a dhéanamh ar chinneadh faoi d'éileamh leasa shóisialaigh ar fáil anseo.
D'fhoilsigh an Roinn Treoirlínte Oibríochtúla cuimsitheacha ar an gCoinníoll Gnáthchónaithe: