Straitéis Dhigiteach Do Scoileanna go dtí 2027
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027 ag tógáil ar éachtaí agus ar uaillmhian na Straitéise roimhe seo agus tá sé mar aidhm aici tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chóras na scoile lena chinntiú go mbeidh an deis ag na foghlaimeoirí uile an t-eolas agus na scileanna a bhaint amach atá ag teastáil uathu chun a mbealach a dhéanamh trí dhomhan digiteach atá ag athrú de shíor. Forbraíodh an straitéis tar éis próisis chomhairliúcháin a bhí leathan agus fairsing agus leagtar amach ann spriocanna ardleibhéil faoi thrí phríomhcholún.
Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027
Aibreán 2022
D’fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley TD., foilisiú na Straitéise Digití do Scoileanna go dtí 2027.
Tá sonraí iomlána an Aire ar fáil anseo.
Cad é rud é an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go 2027?
Aibreán 2022
Sa tuarascáil seo, atá ullmhaithe ag an Ollamh Deirdre Butler agus an Dr Margaret Leahy, déantar athbhreithniú ar chur i bhfeidhm agus éifeachtúlacht na Straitéise Digití do Scoileanna 2015-2020 agus leagtar béim ar na réimsí lena bplé le bheith curtha isteach sa Straitéis nua.
Tuarascáil Bhonnlíne: I dTreo Straitéise Digití Comharbais do Scoileanna go dtí 2027
Prof. Deirdre Butler & Dr. Margaret Leahy
Chuir próiseas comhairliúcháin leathan agus fairsing le forbairt na Straitéise Digití do Scoileanna go dtí 2027 lena chinntiú gur tugadh an deis do na guthanna uile ionchur a bheith acu san fhorbairt agus cur lena forbairt. Cuideoidh na torthaí ón bpróiseas comhairliúcháin freisin le cur le forbairt an Phlean Fhorfheidhmithe a bhaineann leis. Is iad seo a leanas na tuarascálacha faoin bpróiseas comhairliúcháin:
Is féidir teacht ar níos mó sonraí faoin gcreat comhairliúcháin a úsáideadh sa phróiseas seo ar: