Caighdeáin Nua Éifeachtúlachta Fuinnimh agus Aeraithe nua do Mhór-athfheistiú ar Thithe Cónaithe
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ón 1 Samhain 2019, beidh feidhm le caighdeáin nua tógála i gcás mór-athfheistiú ar thithe cónaithe reatha. Beidh Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER) de B2 nó a choibhéiseach de dhíth ar thithe cónaithe. Taispeánann teastas BER feidhmíocht fuinnimh foirgnimh. Níl formhór na dtithe cónaithe atá againn éifeachtúil ó thaobh fuinnimh. Tá ráta C2 BER ag seachtó is a hocht faoin gcéad de thithe cónaithe.
I gcás go bhfuil athfheistiú á dhéanamh ar níos mó ná 25% d’achar dromchla an tí (na ballaí agus an díon san áireamh), ní mór d’fheidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh nó an chuid athfheistithe den fhoirgneamh na riachtanais nua maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a chomhlíonadh. Ní mór na caighdeáin a chomhlíonadh a mhéid is féidir ar bhonn teicniúil, feidhmiúil agus eacnamaíoch.
De ghnáth, beidh feidhm leis an riachtanas i gcás ina bhfuil úinéir an tí ag déanamh na rudaí seo a leanas:
Fágfaidh na hathruithe sin go mbeidh na tithe athfheistithe as an nua níos tíosaí ar fhuinneamh. Beidh buntáistí sláinte ag gabháil leo ón gcompord breise agus caighdeán feabhsaithe an aeir. Toisc go dtagann 40% d’astaíochtaí carbóin a bhaineann le fuinneamh ó fhoirgnimh, cuideoidh na hathruithe seo chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Tagann na hathruithe seo ó Rialacháin an AE maidir le Mór-athfheistiú. Beidh feidhm leis na rialacháin i gcás mór-athfheistithe a thosaíonn nó a chuirtear ar bun an 1 Samhain 2019 nó dá éis ach amháin sna cásanna seo a leanas:
Má tá tusa ag smaoineamh ar mhór-athfheistiú a dhéanamh ar do theach cónaithe b’fhéidir gurbh fhiú duit a bheith ar an eolas faoi na riachtanais seo agus iad a phlé le hailtire nó le duine gairmiúil i gcúrsaí pleanála sula gcuirtear tús leis an togra.
Soláthraíonn an Rialtas deontais Fuinnimh Tí le haghaidh:
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na deontais seo agus conas iarratas a dhéanamh orthu le haghaidh mór-athfheistiú ar do theach chun do chostais a laghdú, téigh chuig suíomh gréasáin Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann .