Gníomhú ar son na hAeráide Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide don Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta ar cheann de naoi bplean earnála a foilsíodh in 2019 faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe. Déanann sé cúig sprioc oiriúnaithe a achoimriú don oidhreacht thógtha agus seandálaíochta in Éirinn agus mapálann sé iad ar phlean gníomhaíochta de ghníomhaíochtaí sonracha atá le cur i bhfeidhm.
Agus obair an phlean á chur i bhfeidhm, tá roinnt acmhainní curtha ar fáil ag an tSeirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus ag an tSeirbhís Náisiúnta Oidhreachta Tógtha de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, mar threoirlínte agus ábhair oiliúna a d’fhéadfadh a bheith ina gcabhair dóibh siúd a bhfuil baint acu le cúrsaí oidhreachta tógtha agus seandálaíochta.
Tá na hacmhainní atá tiomsaithe thíos ar fáil saor in aisce mar eolas d’úsáideoirí aonair, más mian leat aon chuid den ábhar a chóipeáil agus a athúsáid, déan an fhoinse a lua le do thoil.
Seachadadh seimineár gréasáin maidir le hOidhreacht agus Gníomhú ar son na hAeráide i mí an Mheithimh 2023 mar chuid de chlár Oiliúna maidir le Gníomhú ar son na hAeráide na nÚdarás Áitiúil. Tá taifeadadh den seimineár gréasáin le feiceáil ar chainéal YouTube na Seirbhíse na Séadchomharthaí Náisiúnta.
Tá sleamhnáin de na trí mhodúl ar fáil thíos.
Climate Change Impacts on Heritage - Heritage and Climate Action Webinar Module 1
Intersections of Cultural Heritage with Climate Action Policy - Heritage and Climate Action Webinar Module 2
Developing Climate Adaptation Actions - Heritage and Climate Action Webinar Module 3
Rinneadh athbhreithniú ar fhoinsí ábhartha agus tugtar naisc chuig roinnt acmhainní úsáideacha i sleamhnáin na dtrí mhodúl oiliúna. Tá siad le chéiletaobh thíos.
Useful Resources - Heritage and Climate Action Webinar
Is cur chuige suíomhshonrach iad measúnuithe riosca ar athrú aeráide (CCRA) chun measúnú a dhéanamh ar an mbail atá ar struchtúir agus ar láithreáin, rud a chabhraíonn le riosca a thomhas agus a chuireann bonn eolais faoi bhearta oiriúnaithe d’fhonn leochaileacht ár n-oidhreachta tógtha agus seandálaíochta a laghdú. I measc na samplaí de shuíomhanna ina ndearnadh CCRA tá:
Comhairle Contae Chiarraí: Suirbhéireachtaí Stairiúla - Measúnuithe riosca ar an athrú aeráide
Tionscadal CHERISH - Measúnuithe riosca ar an athrú aeráide
Oifig na nOibreacha Poiblí: Prioreacht Bhaile an Sceilg Mara - Measúnuithe riosca ar an athrú aeráide
Mar ghníomh den Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide, tá treoir foilsithe ag an roinn maidir le huasghrádú fuinnimh foirgneamh traidisiúnta do shonraitheoirí agus do shuiteálaithe.