Acht na dTeangacha Oifigiúla
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003.
Is é príomhaidhm an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Déantar é seo trí fhorálacha an Achta mar aon le trí rialacháin a dhéanann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt, agus Meán atá infheidhme maidir le gach comhlacht poiblí faoin Acht. (Cóip de na dualgais dhíreacha a thiteann ar chomhlachtaí poiblí faoin Acht le fáil thíos faoi Acmhainní do Chomhlachtaí Poiblí )
Rinne Uachtarán na hÉireann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a shíniú ina dhlí ar 22 Nollaig 2021. Treisiú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá i gceist leis an reachtaíocht nua seo agus aithnítear go forleathan go gcuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal.
Is iad príomhspriocanna an Achta neartaithe seo ná:
• go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030;
• go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge;
• go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge; agus
• go ndéanfar Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a fhorbairt.
Faoin Acht, tá i gceist líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge a fheabhsú agus a mhéadú go mór, mar aon le deiseanna suntasacha fostaíochta a chruthú dóibh siúd le hinniúlacht sa teanga. Tríd an obair seo, táthar ag súil go gcuirfear le heispéireas Gaeilge an chustaiméara, ag cur ar chumas lucht labhartha na Gaeilge í a úsáid i ngach gné dá saol – ach go háirithe ina bplé leis an Stát.
Tá an Roinn i mbun oibre chun feidhm a thabhairt d’ailt agus d’fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil.
Próiseas reachtúil a bhain le hachtú Acht (Leasú) 2021
Is toradh é achtú na reachtaíochta seo ar reáchtáil phróiseas comhairliúcháin phoiblí chuimsithigh (tá eolas stairiúil le fáil faoi seo anseo ), scrúdú réamh-reachtach déanta ag an gCoiste Oireachtais ábharthach, os cionn 25 uair a chloig de dhíospóireacht ag céim an Choiste i nDáil Éireann agus plé déanta ar os cionn 300 leasú molta le linn na hama sin – ar glacadh le go leor díobh. Is féidir teacht ar thaifid scríofa den phlé a rinneadh ar an reachtaíocht agus í ag dul tríd na céimeanna reachtúla éagsúla ar leith ag oireachtas.ie .
An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge
Faoi fhorálacha ábhartha an Achta nua, rinneadh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú ar an 20 Meitheamh 2022. Is ar ullmhú an chéad Phlean Náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a bheidh obair an Choiste dírithe go príomhúil don chéad dhá bhliain chun a chinntiú go ndéanfar é seo a chur i gcrích roimh an spriocdháta de 19 Meitheamh 2024.
Nóta maidir le Scéimeanna Teanga
Gné shuntasach den Acht 2021 atá in ionadú chóras na scéime teanga reatha trí chaighdeáin teanga a thabhairt isteach do gach earnáil rialtais, agus beidh caighdeáin níos airde le baint amach ag earnálacha a bhfuil idirghníomhú níos mó acu leis an bpobal.
Déanfar comhairliúchán leis na comhlachtaí ábhartha sula gcuirfear caighdeáin i bhfeidhm. Déanfar na hoibleagáidí a leagfar ar chomhlachtaí poiblí a ghrádú lena léiriú go bhfuil níos mó acmhainní ar fáil do roinnt comhlachtaí, go ndéanann siad idirghníomhú níos mó le cainteoirí Gaeilge, agus/nó go bhfuil siad lonnaithe laistigh de cheantar Gaeltachta nó go gcuireann siad seirbhís ar fáil do cheantar Gaeltachta. Beidh réamhthréimhse ann do gach comhlacht poiblí sula gcuirfear caighdeáin i bhfeidhm.
Tá fáil ar chóipeanna de na hAchtanna féin mar aon le reachtaíocht ghaolmhar eile anseo .
De réir mar a fheidhmítear ailt agus forálacha an Achta 2021, déanfar uasdátú rialta ar an suíomh gréasáin seo. Tá fáil i gcónaí ar an Rannóg ag ATO@tcagsm.gov.ie chomh maith.
Riachtanais Éigeantacha
Tá liosta iomlán de na dualgais dhíreacha a thiteann ar chomhlachtaí poiblí faoin Acht i leith seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, mar a sheasann siad faoi láthair, ar fáil thíos.
Dar ndóigh, mar a luadh thuas, beifear ag déanamh uasdátú rialta air seo de réir mar a thiocfaidh feidhm le forálacha Acht 2021.
Seimineáir Faisnéise
Iúil 2022 – Forálacha nua an Achta arna Leasú
Rinne an Roinn seo, i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga (OCT), sraith seimineár faisnéise a reáchtáil ar líne ag deireadh mhí Iúil 2022 ar mhaithe le comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí atá forordaithe faoin reachtaíocht i dtaobh a gcuid dualgas nua faoin Acht. Tá fáil thíos ar na nithe seo a leanas ina leith:
Meán Fómhair 2022 – Alt 10A: Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí
Rinne an Roinn páirt a ghlacadh i seimineáir faisnéise eile a d’eagraigh Oifig an Choimisinéara Teanga dírithe ar chúrsaí a bhain go sonrach le hAlt 10A, an fhoráil fhógraíochta, i lár mhí Mheán Fómhair 2022. Tá taifead de na seimineáir úd mar aon le hacmhainní ábhartha eile mar a bhaineann sé leis an bhforail sin ar fáil ar shuíomh gréasáin OCT anseo .
Eanáir 2023 – Aistriúchán (Gaeilge)
Reáchtáil an Roinn seimineáir faisnéise do chomhlachtaí poiblí ar an 25 Eanáir 2023 maidir le haistriúchán Gaeilge. Tá fáil thíos ar na nithe seo a leanas ina leith:
• Cuir i Láthair na n-Aoichainteoirí:
o An Roinn
• Taifid de na Cuir i Láthair:
o An Roinn
Meitheamh 2023 – Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 – Forálacha i bhfeidhm agus ag teacht i bhfeidhm
Rinne an Roinn seimineáir faisnéise do chomhlachtaí poiblí a reáchtáil i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga ar an 28 Meitheamh 2023 maidir leis na forálacha sin atá tagtha i bhfeidhm faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 go dtí seo mar aon leis na cinn eile a bheidh le teacht i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana (2023). Pléadh go sonrach ag na seimineáir seo:
• Alt 4B (oifigeach sinsearach le ceapadh chun críche an Achta)
• Alt 9A-9E :
o Úsáid agus taifead Ainmneacha, Seoltaí agus Teidil i nGaeilge;
o Foirmeacha Oifigiúla;
o Lógónna;
o Ainmneacha agus lógónna comhlachtaí reachtúla nuabhunaithe; agus
o Seirbhísí pobal-inrochtana;
• Alt 10A (fógraíocht) ; agus
• Alt 18A-18F :
o An sprioc earcaíochta de 20%;
o An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge; agus
o An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge.
Tá fáil thíos ar na nithe seo a leanas ina leith:
Oifig an Choimisinéara Teanga
Mar eolas, is féidir idirdhealú idir ról na Roinne agus ról Oifig an Choimisinéara Teanga a fheiceáil anseo .
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí i gcomhlíonadh a ndualgas faoin Acht. Fiosraíonn an Oifig gearáin i gcásanna ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí cloí leis an Acht agus/nó le haon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.
Tá tuilleadh eolais maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ar fáil i dtreoirleabhar Oifig an Choimisinéara Teanga anseo . Beifear ag déanamh uasdátaithe ar an treoirleabhar seo, maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, freisin, in am agus i dtráth, ach idir an dá linn tá go leor eolas úsáideach le fáil ó chur i láthair na hOifige ar an dá Acht anseo . Tá tuilleadh eolais maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga ar fáil ag www.coimisineir.ie agus is féidir dul i dteagmháil leis an Oifig ag eolas@coimisineir.ie / (091) 504 006 / 0818 504006.
Faoi réir Alt 5 d’Acht 2003, déanann an tAire tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú an Achta sa bhliain roimhe sin a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais gach bliain. Tá fáil ar na tuarascálacha seo ar líne ag Opac.Oireachtas.ie.
Mór scéalta le déanaí:
Mar a luadh thuas, is féidir teagmháil a dhéanamh linn i gcónaí sa Rannóg anseo ar ATO@tcagsm.gov.ie .