Acht na Gaeltachta 2012
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá dhá phríomhaidhm leis an Acht, eadhon, sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.
Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo. Beidh an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht. Beidh deis ag ceantair lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta aitheantas reachtúil a bhaint amach mar Líonraí Gaeilge nó mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, faoi réir critéir áirithe a bheith comhlíonta acu.
Chomh maith le leasuithe a dhéanamh ar fheidhmeanna áirithe de chuid Údarás na Gaeltachta, tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don Údarás maidir le cur i bhfeidhm An Próisis Pleanála Teanga sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, déantar foráil faoin Acht chun líon comhaltaí bhord an Údaráis a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis.
Shínigh an tUachtarán Acht na Gaeltachta 2012 ar an 25 Iúil 2012.