An Rannóg um Oiliúint Tosaigh Múinteoirí agus um Fhorbairt Ghairmiúil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Léirítear leis an Rannóg um Oiliúint Tosaigh Múinteoirí (OTM) agus um Fhorbairt Ghairmiúil tuairim na Roinne maidir le hOiliúint Múinteoirí mar chontanam ó oiliúint tosaigh múinteoirí go hionduchtú agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL).
Cuirteann TES caighdeán an teagaisc agus na foghlama chun cinn trí chláir oiliúna ar ardchaighdeán a sholáthar d’oidí, mar aon le forbairt ghairmiúil leanúnach agus tacaíocht do phríomhoidí agus do mhúinteoirí. Déantar é sin trí na cláir oiliúna do mhúinteoirí, trí lárionaid oideachais agus seirbhísí tacaíochta do mhúinteoirí ar leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoile.
Tacaítear le bainistíocht an phróisis sin trí choistí stiúrtha agus trí thacaíocht beartais a sholáthar, chomh maith le hoibriú leis an gComhairle Mhúinteoireachta, leis an gCigireacht agus le rannóga eile den Roinn ar raon saincheisteanna.
An Roinn Oideachais, An Rannóg um Oiliúint Tosaigh Múinteoirí agus um Fhorbairt Ghairmiúil, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659
Ríomhphost: TES@education.gov.ie
Uimhir theileafóin: (090) 648 3786