Tá fógra déanta ag an Rialtas maidir le scrúduithe na hArdteistiméireachta agus na Sraithe Sóisearaí in 2021. Is féidir leat an fógra sin a léamh anseo.
Foilsíodh treoir maidir leis an Scrúduithe Stáit agus Gráid Creidiúnaithe in 2021. Tá sé ar fail anseo.
Déanfar an leathanach seo a nuashonrú de réir mar a bhíonn tuilleadh eolais ar fáil.
Féach www.examinations.ie
Tá éiginnteacht ag baint leis an bpaindéim Covid-19 maidir le scrúdú na hArdteistiméireachta i mbliana. Tá gach duine ag obair go crua sa chúlra chun a chinntiú go gcuirfidh an méid a chinntear faoin Ardteistiméireacht san áireamh an méid a d’fhoghlaimid anuraidh agus go mbeidh sé cóir do gach duine. Tógfaidh sé beagán níos mó ama an réiteach ceart a fháil agus d’fhéadfadh sé go mbeadh an t-am feithimh seo deacair agus dúshlánach duit go nádúrtha. I láthair na huaire tá roinnt rudaí as do smacht. Mar sin féin, is féidir leat díriú isteach ar na rudaí laethúla sin atá faoi do smacht chun cabhrú le do fholláine agus fanacht slán fad is atá rudaí á n-oibriú amach.
Tabharfaidh na naisc thíos faisnéis shonrach duit maidir le do leas a mheabhrú le linn na héiginnteachta reatha agus leagfaidh siad béim freisin ar raon acmhainní agus tacaíochtaí folláine.
Tugadh Grúpa Comhairleach de na príomhpháirtithe leasmhara le chéile chun comhairle a chur ar an Rialtas faoi na ceisteanna éagsúla go léir a bhaineann le reáchtáil scrúduithe 2021, lena n-áirítear ceisteanna a bhaineann le sláinte phoiblí agus bearta teagmhasachta cuí. Sa Ghrúpa Comhairleach, a bunaíodh i dtús báire i mí Aibreáin 2020, tá ionadaithe scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, comhlachtaí ceannaireachta agus bainistíochta scoile, Coimisiún na Scrúduithe Stáit, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an tÚdarás um Ardoideachas, agus an Roinn Oideachais, lena n-áirítear an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais. Féach sonraí maidir le ballraíocht an ghrúpa agus ról an ghrúpa.
I mí Eanáir agus go luath i mí Feabhra, tháinig foghrúpa den Ghrúpa Comhairleach le chéile roinnt uaireanta chun bhreithniú níos mine a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le pleanáil do scrúduithe 2021. Tá na ráitis a foilsíodh i ndiaidh na gcruinnithe sin ar fáil anseo.
Tá teagmháil leanúnach idir an Roinn Oideachais agus Sláinte Poiblí maidir le pleanáil do na scrúduithe stáit in 2021.
Féadfaidh scoláirí na hArdteistiméireachta rochtain a fháil ar thorthaí na scrúduithe scríofa ar an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí atá ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS)
Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú