Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh ar nós Sochar Linbh nó Pinsean Stáit isteach i gcuntas Banc Uladh nó Banc KBC, beidh ort socruithe a dhéanamh chun d’íocaíocht a bheith íoctha isteach i gcuntas bainc, oifig an phoist nó comhar creidmheasa.
Is é an bealach is éasca duit chun do shonraí a athrú ná dul chuig MyWelfare.ie.
Chun cur isteach ar d’íocaíocht leasa shóisialaigh a sheachaint, nuashonraigh do shonraí sula ndúnann tú do chuntas Banc Uladh nó Banc KBC.