An Bille Teasa (Líonraí agus Forálacha Ilghnéitheacha), 2024
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, gur cheadaigh an rialtas an Bille Teasa (Líonraí agus Forálacha Ilghnéitheacha), 2024
Is teicneolaíocht chruthaithe lena bhféadtar an timpeallacht thógtha a dhícharbónú, foinsí breosla a éagsúlú do theas, agus cáilíocht na beatha a fheabhsú é téamh ceantair. Is é is téamh ceantair ann ná córas le haghaidh dáileadh a dhéanamh ar theas a ghintear i láthair lárnach amháin nó níos mó, trí chóras píobán inslithe, chuig maoine poiblí, cónaithe agus tráchtála aonair atá nasctha leis an líonra.
Sa Staidéar Náisiúnta Teasa ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, leagadh béim ar an acmhainneacht shuntasach atá ann go dtiocfadh an teas a úsáidtear i bhfoirgnimh ó théamh ceantair, go háirithe i mbailte móra agus cathracha ar fud na hÉireann ina bhfuil an t-éileamh comhchruinnithe agus ina bhfuil a lán foinsí teasa le fáil.
Céim ríthábhachtach ar ár n-aistear i dtreo téamh ceantair a fhorbairt in Éirinn ba ea Grúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair a bhunú, rud a gealladh trí phróisis an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide. Sa Tuarascáil ón nGrúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair, rud ar cheadaigh an Rialtas é i mí Iúil 2023, bhí sraith moltaí lenar socraíodh an treo beartais amach anseo le haghaidh téamh ceantair a fhorbairt.
D’fhorbair an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Scéim Ghinearálta an Bhille ar aon dul leis na moltaí ón nGrúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair agus tar éis di dul i gcomhairle le ranna ábhartha, le gníomhaireachtaí ábhartha agus le geallsealbhóirí ábhartha. Tá sé mar aidhm leis creat reachtach agus rialála a sholáthar le haghaidh na hearnála téimh ceantair in Éirinn.
Táthar ag súil go rachfar i mbun tuilleadh comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus leis an gComhchoiste Oireachtais um Chomhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide de réir mar a fhorbraítear an reachtaíocht mhionsonraithe. Beidh an Scéim Ghinearálta ar an mbonn leis an leagan tugtha chun críche den Bhille Teasa (Líonraí agus Forálacha Ilghnéitheacha).
Is féidir an dréacht-Scéim Ghinearálta a léamh ar shuíomh gréasáin na roinne.