An Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe in Éirinn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI)
Tá OFI go 2030 comhurraithe ag An Roinn Oideachas, An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
OFI go 2030: An Dara Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe
Lá Domhanda na Cruinne, 22 Aibreán 2021, sheol an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Simon Harris TD agus an tAire Oideachais Norma Foley TD i gcomhar lena chéile comhairliúchán poiblí maidir leis an bhforbairt ar an dara Straitéis Náisiúnta ar Oideachas um Fhorbairt Inbhuanaithe go 2030, ag an dá Roinn. Féach:
OFI go 2030- comhairliúcháin
Tuarascáil ar na príomhthéamaí a d’eascair as an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí
OFI go 2030: Straitéis Nua na hÉireann ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe: Tuarascáil ar an Suirbhé Comhairliúcháin Phoiblí
Aibreán – Meitheamh 2021
OFI go dtí 2030 – Glaoch ar Mhaoiniú do Scoileanna – Meán Fómhair 2023
Tá Glao ar Mhaoiniú OFI do Scoileanna Meán Fómhair 2023 dúnta anois.
National Strategy on Education for Sustainable Development in Ireland Report of Interim Review and Action Plan for Q4 2018-Q4 2020
National Strategy on Education for Sustainable Development in Ireland Report of Interim Review and Action Plan for Q4 2018-Q4 2020
Tá an Roinn tar éis nuachtlitir mar gheall ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) a fhoilsiú agus tá sí ar fáil thíos. Seol r-phost chuig communications@education.gov.ie chun síntiús a ghlacadh.
Sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021 (CAP21) samhlaítear go dtabharfadh an earnáil phoiblí ceannaireacht le dea-shampla i dtaca le gníomhú ar son na haeráide chun go mbainfí amach an sprioc atá ann laghdú 51% a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann faoin mbliain 2030 agus a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de tráth nach déanaí ná 2050. Déanfaidh gach comhlacht de chuid na hearnála poiblí a mbaineann an Sainordú leis Treochlár um Ghníomhú ar son na hAeráide a fhorbairt ina leagtar amach an bealach a mbainfidh sé amach a chuid spriocanna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus laghdú astuithe.
Mar aitheantas don difríocht idir comhlachtaí móra poiblí agus earnáil na scoileanna agus an ról sainiúil atá ag scoileanna i réimsí an Oideachais don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na hAeráide foilsíodh Sainordú na hEarnála Scoileanna um Ghníomhú ar son na hAeráide, ar sainordú tiomnaithe é, i mí an Mhárta 2023. I Sainordú na hEarnála Scoileanna um Ghníomhú ar son na hAeráide , leagtar amach na spriocanna foriomlána maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar úsáid fuinnimh agus conas is féidir le scoileanna a gcion a dhéanamh sa chlár um ghníomhú ar son na haeráide, lena n-áirítear glacadh le Ráiteas Beartais Inbhuanaitheachta.
Tá Foireann Uirlisí Inbhuanaitheachta do Scoileanna forbartha ag an Roinn chun tacú leo maidir le glacadh le Ráiteas Beartais Inbhuanaitheachta. San áireamh san fhoireann uirlisí tá:
Féadfaidh do scoil an fhoireann uirlisí inbhuanaitheachta a úsáid chun tacú le forbairt a dhéanamh ar Ráiteas Beartais Inbhuanaitheachta do scoile. Déan an obair atá á déanamh ag do scoilse chun ceannaireacht a léiriú maidir le Gníomhú ar son na hAeráide a cheiliúradh agus a roinnt.
Tá an liosta seo de dheiseanna Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) a bhaineann le ESD do mhúinteoirí curtha le chéile ag an Roinn. Déanfar an liosta a nuashonrú de réir mar is gá.
Féadfaidh an Roinn Oideachais, mar Choimisiún Náisiúnta do EOECNA in Éirinn, suas le cúig cinn de thionscadail a ainmniú do Dhuais Hamdan 2023/ 24 le haghaidh Forbairt Múinteoirí, lena n-áirítear tionscnaimh “a léiríonn cuidiú den scoth le bunchuspóirí EOECNA agus na NA i réimse an oideachais ardchaighdeáin don fhorbairt inbhuanaithe”.
Tá an fhoirm iarratais ar fáil ar leathanach gréasáin OFI go dtí 2030
Ba cheart iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig ESD@Education.gov.ie faoin 17 Eanáir 2024 .
Féadfaidh ainmniúcháin teacht frieisn ó eagraíochtaí náisiúnta i gcomhpháirt oifigiúil le EOECNA. Tá liosta iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin EOECNA.
Tá níos mó eolais faoi Dhuais Hamdan ar fáil anseo: UNESCO-Hamdan Prize for Teacher Development UNESCO
Chomh maith leis sin, tá EOECNA ag tabhairt cuiridh iarratas a dhéanamh ar Dhuais King Hamad Bin Isa Al-Khalifa d’Úsáid TFC san Oideachas ina dtugtar aitheantas do chuir chuige nuálacha maidir le teicneolaíochtaí nua a threisiú chun deiseanna oideachais agus deiseanna don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a leathnú do chách, ag teacht le Clár 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus a Sprioc 4 ar Oideachas . Is é atá mar théama ag an nglao seo ná Foghlaim Dhigiteach don oideachas glasaithe agus is é an dáta deiridh chun glacadh le hiarratais ná an 5 Feabhra 2024 .
Chun iarratas a dhéanamh ar an duais sin beidh ort: Cuntas úsáideora a iarraidh www.unesco.org/ict-ed-prize/register agus ansin an t-iarratas ar líne a chomhlánú www.unesco.org/ict-ed-prize
Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo: UNESCO ICT in Education Prize