Creataí Oiriúnaithe Earnála agus Náisiúnta maidir leis an Iompar
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é an leagan reatha den Phlean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide don Earnáil Iompair an chéad phlean oiriúnaithe earnála maidir leis an iompar a cuireadh i dtoll a chéile de bhun an Achta um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015.
Tá tús curtha ag an Roinn Iompair anois leis an obair ar phlean nua a fhorbairt de réir struchtúir oiriúnaithe náisiúnta. Sa mhír seo, leagtar amach an méid a dhéanann an plean reatha, chomh maith le cá háit ar féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoi na struchtúir dlí atá mar bhonn faoi.
Nuair a bheidh dréacht den phlean nua curtha i gcrích, foilseofar i gcomhair comhairliúcháin phoiblí é ar an láithreán gréasáin gov.ie.
Coinnigh súil ar na leathanaigh seo agus ar láithreán gréasáin na Roinne Iompair amach in 2024 don fhógra faoin gcomhairliúchán poiblí ionas go bhfaighidh tú do dheis le do thuairim ar an bplean a nochtadh.
Foilsíodh an Plean Oiriúnaithe um Athrú Aeráide don Earnáil Iompair siar in 2019. Tagann sé faoi ghrúpa téamach an bhonneagair ríthábhachtaigh sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe.
Déantar cur síos sa Phlean reatha ar phríomhghnéithe earnáil iompair na hÉireann. Leagtar amach ann agus cuirtear in ord tosaíochta na rioscaí aeráide is mó is údar imní don earnáil iompair, agus sainaithnítear aon bhearnaí eolais maidir leis an oiriúnú a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu. Leagtar amach ann freisin 21 moladh faoin gcaoi ar féidir an t‑oiriúnú a chur chun cinn ar fud na hearnála. Tá siad sin á gcur chun cinn faoi láthair ag an Roinn Iompair trí thaighde agus trí dhul i gcomhar le páirtithe leasmhara san earnáil iompair.
Déanfar leasú ar an bPlean Oiriúnaithe Earnála maidir leis an Iompar tar éis athbhreithniú an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe. Timpeall ar an dara leath de 2025, foilseófar na pleananna oiriúnaithe earnála arna leasú mar a leagtar amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, 2023.
Tá tús curtha ag an Roinn Iompair leis na céimeanna luatha pleanála den phróiseas leis an leagan leasaithe den Phlean Oiriúnaithe Earnála maidir leis an Iompar a chur i dtoll a chéile. Áirítear leis an saothar sin eagraíochtaí iompair agus páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile toisc gurb iadsan a bheidh ag brú an phlean nua chun cinn. Ós rud é gur tosaíocht náisiúnta aeráide é an t‑oiriúnú, cuireann sé leis an gcomhar le hearnálacha eile agus le páirtithe leasmhara oiriúnaithe náisiúnta chomh maith. Éascaítear an comhar sin de bharr go bhfuil an Roinn páirteach sa Choiste Stiúrtha Náisiúnta um Oiriúnú agus i ngrúpaí oibre náisiúnta um oiriúnú.
In Éirinn, is iad na hAchtanna um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015 go 2021 an bunús dlí faoi phleananna náisiúnta oiriúnaithe agus faoi phleananna oiriúnaithe earnála don athrú aeráide.
Cuireadh an Creat Náisiúnta Oiriúnaithe reatha i bhfeidhm in 2018 faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015, arna leasú.
Leagtar amach ann an comhthéacs lena chinntiú gur féidir le húdaráis áitiúla, réigiúin agus príomhearnálacha rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide a mheas, gníomhaíochtaí athléimneachta aeráide a chur i bhfeidhm, agus an t‑oiriúnú a chur san áireamh agus beartais á gceapadh ar na leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta araon.
Ceadaíodh athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus, dá réir sin, tá sé á leasú faoi láthair ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Is féidir an Dréachtchreat Náisiúnta Oiriúnaithe nua a léamh, a foilsíodh i gcomhair comhairliúchán poiblí a bhí ar siúl ón 19 Eanáir go dtí an 19 Feabhra 2024, ach cliceáil anseo.