Is é cuspóir na dTreoirlínte seo soiléire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí maidir le húsáid laethanta laghdaithe i scoileanna, chun a chinntiú go bhfuil an cleachtas teoranta do na cúinsí sin amháin ina bhfuil sé géarghá leo agus, má tharlaíonn a leithéid d’úsáid, go leanann scoileanna an cleachtas is fearr agus leasanna an dalta mar thosaíocht. Leagtar amach sna treoirlínte freisin an próiseas do scoileanna chun úsáid laethanta scoile laghdaithe a chur in iúl do Sheirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS)
Úsáid laghdaithe laethanta scoile
Treoirlínte do scoileanna maidir le húsáid agus laethanta laghdaithe scoile a thaifeadadh agus a fhógairt