I dTreo Straitéis Nua Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití: Léirbhreithniú ar an Litríocht’
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Oideachais Norma Foley TD an tuarascáil ‘I dTreo Straitéis Nua Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití: Léirbhreithniú ar an Litríocht’, mar aon le páipéir athbhreithnithe tacaíochta, ar an 3 Bealtaine 2023.
Rinne An Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) an taighde, coimisiúnaithe ag an Roinn Oideachais, ar an léirbhreithniú litríochta agus i measc na n-údar bhí an Dr. Eithne Kennedy, an Dr. Gerry Shiel, an Dr Geraldine French, an Dr. Lorraine Harbison, an Dr. Margaret Leahy, an tOllamh Pádraig Ó ‘Duibhir agus an Dr Joe Travers.
Agus an taighde á dhéanamh, rinneadh 28 léirbhreithniú córasach ar leith. Iontu seo, scrúdaíodh straitéisí, cuir chuige agus modheolaíochtaí oideolaíocha chun tacú le litearthacht, uimhearthacht agus litearthacht dhigiteach agus tugadh aitheantas cuí do ghnéithe cognaíocha agus mothachtálacha na foghlama, lena n-áirítear guth an fhoghlaimeora agus gníomhaireacht.
Díríonn tuarascáil dheiridh na n-údar ar réimsí lena n-áirítear: litearthacht, uimhearthacht, toisí measúnaithe, tacú le forbairt litearthachta agus uimhearthachta foghlaimeoirí éagsúla ar fud an churaclaim, forbairt ghairmiúil leanúnach, ceannaireacht agus teaghlach agus pobal.
Ina theannta sin, breathnaítear maidir le litearthacht agus uimhearthacht, torthaí na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta 2011 a shainiú trasna oideachas agus cúram na luath-óige, na bunscoile agus na hiar-bhunscoile agus forbairtí curaclaim agus oideachas múinteoirí ó 2011 i leith.
San athbhreithniú freisin tugtar grinnchuntas ar mholtaí/gníomhartha molta le cur san áireamh sa straitéis nua, a foinsíodh ó chonclúidí agus ó mholtaí athbhreithnithe náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Faoi Chlár an Rialtais, tá sé de chúram ar an Roinn Oideachais Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití comharba a fhorbairt. Leanfaidh an straitéis ar feadh 10 mbliana.
Cuirfidh an straitéis nua creat uileghabhálach ar fáil a chruthóidh nasc idir go leor polasaithe, straitéisí agus forbairtí de chuid na Roinne Oideachais ag leibhéal an churaclaim. Baineann sé seo le gach foghlaimeoir, oideoir agus comhpháirtí oideachais agus geallsealbhóir – lena n-áirítear iad siúd i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim, bunscoile agus iar-bhunscoile.
Is féidir tuileadh a léamh faoi fhorbairt na Straitéise Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití anseo.