Léargas – Cáilíocht san Oideachas Luathbhlianta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fáilte chuig Léargas, sraith de sheimineáir ghréasáin. Tógfaidh gach ceann de na seimineár ghearra seo timpeall 15 nóiméad. D’fhorbair cigireacht na Roinne Oideachais iad chun cinntí, smaointe and samplaí de chleachtais éifeachtach a bailíodh le linn cuairteanna cigireachta ar na mílte suíomh luathfhoghlama agus curaim éagsula ar fud na hEireann ó 2016 a roinnt. Is suíomhanna luathfhoghlama agus curaim iad go príomha atá ag soláthar clár réamhscoile saor in aisce faoin gClár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLO) a bhfuil á mhaoiniú ag Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tarraingíonn na seimineáir ghréasáin freisin ar mheastóireachtaí atá déanta i suíomhanna luathfhoghlama eile i mbunscoileanna. Bíonn na cigireachtaí bunaithe ar ár dTreoir don Chigireacht Oideachais Luathbhlianta agus ar Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2016 .
Trí chigireacht, tá tacar faisnéise an-chuimsitheach bailithe againn ar scóip agus ar chineál an tsoláthair agus an chleachtais i suíomhanna luathfhoghlama agus curaim in Éirinn. Rinneadh anailís ar an tacar uathúil sonraí seo agus tá sé comhcheangailte le fianaise ó thaighde níos leithne ar dhea-chleachtas maidir le raon teamaí a tharraingítear ónár gcreat cáilíochta cigireachta. Tá liosta tagairtí úsáideacha le haghaidh acmhainní agus ábhair bhreise curtha ar fáil ag deireadh gach seimineár ghréasáin.
Mar aitheantas agus mar thacaíocht gur iarracht chomhoibríoch é oideachas luathbhlianta a éilíonn comhpháirtíocht láidir thar gach comhthéacs foghlama idir an baile, an Suíomh Luathfhoghlama agus Cúraim/suíomhanna réamhscoile agus bunscoile, beidh seimineáir ghréasáin do thuismitheoirí, cleachtóirí luathbhlianta agus múinteoirí i ngach téama sa tsraith de sheimineáir ghréasáin Léargas. Tá na croítheachtaireachtaí i ngach seimineár ghréasáin mar an gcéanna ach tá ár gcomhairle agus ár dtreoir curtha in oiriúnt do gach lucht féachana ar leith.
Go raibh maith agat as do shuim agus an rannpháirtíocht san obair atá ar siúl againn. Tá súil againn go mbeidh na seimineáir ghréasáin Léargas seo spéisiúil agus suimiúil duit. Cuirtear go mór lenár gcomhsprioc maidir le héispéiris luathfhoghlama ar ardchaighdeán a sholáthar do gach foghlaimeoir óg, nuair a oibrímid go léir le chéile.
Má tá aon tuairimí, smaointe nó moltaí agat maidir leis na seimineáir ghréasáin seo, nó le ceann amach anseo, cuir é sin in iúl dúinn, le do thoil, tríd an seoladh ríomhphoist tiomnaithe insights_info@education.gov.ie
Tá leagan nuashonraithe á fhorbairt faoi láthair
Tá an seimineár gréasáin seo a leanann as seimineár gréasáin léargais níos luaithe ar an gCigireacht ar Oideachas sna Luathbhlianta. Gheofar sa seimineár gréasáin seo léargas ar an gcaoi a ndéantar do thuairisc Cigireacht ar Oideachas Luathbhlianta a phróiseáil lena foilsiú, na céimeanna sa phróiseas foilsitheoireachta agus conas is féidir leat freagairt do do thuairisc.
Díríonn an tsraith seo ar an topaic aistrithe agus é ag tógáil ar an bhfaisnéis ónár sraith seimineár gréasáin ar aistrithe. Beidh léargas ar fáil ar na hathruithe ar chleachtas i suíomhanna luathfhoghlama agus luathchúraim le linn phaindéim Covid -19 agus beidh fócas speisialta ar thacú le haistriú leanaí go dtí an bhunscoil i mí Mheán Fómhair 2021.
Foghlaim aoisghrúpa measctha ná leanaí atá ag aoiseanna difriúla a chur isteach san aon ghrúpa amháin i suíomhanna Luathfhoghlama agus Luathchúraim. Leis sin, tugtar deis do leanaí a bhfuil cumais éagsúla acu súgradh lena chéile i dtimpeallacht lena dtacófar lena bhforbairt agus lena n-acmhainneacht foghlama.
Tá leagan nuashonraithe á fhorbairt faoi láthair