Tá an Rialtas tiomanta do fhreagra daonnúil a sholáthar chun fáilte a chur roimh dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus atá ag lorg cosanta in Éirinn.
Tá na céadta daoine ag teacht go hÉirinn gach lá as an Úcráin, agus is leanaí mórán acu.
Cheana féin, tá fáilte curtha ag roinnt scoileanna roimh leanaí agus roimh dhaoine óga as an Úcráin a tháinig chucu agus iad ag iarraidh clárú. Is mór ag an Aire bhur bhfreagairt thapa agus bhur bhfáilte.
Tá na Foirne Oideachais agus Teanga Réigiúnacha (REALT) á reáchtáil ag an 16 bhord oideachais agus oiliúna réigiúnacha timpeall na hÉireann agus is pearsanra tacaíochta oideachais atá lonnaithe go réigiúnach atá ag obair iontu.
Is é príomhról REALT ná tógáil ar na struchtúir tacaíochta oideachais réigiúnacha atá ann cheana féin agus is é an fócas tosaigh a bheidh acu ná cuidiú a thabhairt do theaghlaigh áiteanna i scoileanna a aimsiú. Tabharfaidh REALT tacaíocht do scoileanna freisin sa cheantar chun freastal ar riachtanais na leanaí seo de réir mar a thagann siad chun cinn, chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Roinn Oideachais le hacmhainn nua a fhorbairt áit a mbíonn gá léi, agus chun comhordú a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí oideachais do scoileanna agus do theaghlaigh ar fud a gceantair shonraithe.
Cinnteoidh na foirne seo go bhfuil gluaiseachtaí eolais atá soiléir agus inrochtana i bhfeidhm idir scoileanna, seirbhísí tacaíochta oideachais áitiúla agus struchtúir tacaíochtaí náisiúnta ó thaobh na ndaoine atá ag teacht isteach ón Úcráin.
Thíos, tá na sonraí teagmhála r-phoist agus fóin do REALT san 16 BOO agus BOOÉ.
Suíomh | BOO | Seoladh R-phoistT | Uimh. Fóin | |
An Cabhán & Muineachán | BOOCM | REALT@cmetb.ie | 087-6036711 | |
Corcaigh | BOO Chorcaí | REALT@corketb.ie | 021 4907172 | |
Cathair Bhaile Átha Cliath | BOOCBÁC | REALT@cdetb.ie | 086-0108230 | |
Dún na nGall | BOO Dhún na nGall | REALT@donegaletb.ie | 074-9161600 | |
Baile Átha Cliath & Dún Laoghaire | BOOBÁCDL | REALT@ddletb.ie | 085-8012821 | |
Gaillimh & Ros Comáin | BOOGRC | REALT@gretb.ie | 086-1367245 | |
Ciarraí | BOOC | REALT@kerryetb.ie | 086-0108222 | |
Cill Dara & Cill Mhantáin | BOOCDCM | REALT@kwetb.ie | 087-7767895 | |
Cill Chainnigh & Ceatharlach | BOOCDCM | REALT@kcetb.ie | 087-1344558 | |
Laois & Uíbh Fhailí | BOOLUF | REALT@loetb.ie | 085-8764777 | |
Luimneach & An Clár | BOOLC | REALT@lcetb.ie | 086-4408220 | |
An Longfort & an Iarmhí | BOOLI | REALT@lwetb.ie | 085-8850753 | |
Lú & An Mhí | BOOLM | REALT@lmetb.ie | 086-1036571 | |
Maigh Eo & Sligeach & Liatroim | BOOMESL | REALT@msletb.ie | 087-7497293 | |
Tiobraid Árann | BOOTÁ | REALT@tippearyetb.ie | 052-6134330 | |
Port Láirge & Loch Garman | BOOCMLG | REALT@wwetb.ie | 086-8040089 | |
Náisiúnta | BOOÉ | REALT@etbi.ie | 045-901142 |
Litir chuig scoileanna maidir leis an acmhainn freastal ar leanaí ón Úcráin
6 Bealtaine 2022
ÍoslódáilLitir chuig scoileanna maidir le tacaíocht a sholáthar do leanaí atá ag teacht ón Úcráin
05 Aibreán 2022
ÍoslódáilEAL resources list from the National Council for Curriculum and Assessment
Resources to support teaching and learning: English as an Additional Language
ÍoslódáilTá acmhainní forbartha ag an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) chun cuidiú le scoileanna tacaíocht a thabhairt do scoláirí.
Ina measc tá acmhainní ar:
Eolas do dhaltaí agus do scoláirí: teanga
ÍoslódáilCóras Oideachais na hÚcráine
ÍoslódáilEolas do thuismitheoirí/caomhnóirí: teanga
ÍoslódáilИнформация для родителей/опекунов: Язык, используемый в ирландских школах
ÍoslódáilИнформация для учеников и студентов: Язык, используемый в ирландских школах
ÍoslódáilІнформація для батьків / опікунів: Язык, используемый в ирландских школах
ÍoslódáilІнформація для батьків / опікунів: Мова, що використовується в ірландських
ÍoslódáilIs fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú