Socruithe Íocaíochta le linn Chásca 2024
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh gach Ionad Intreo agus Oifig Brainse dúnta Aoine an Chéasta, an 29 Márta agus Luan Cásca, an 1 Aibreán 2024. Osclófar na hoifigí go léir arís mar is gnách Dé Máirt an 2 Aibreán 2024.
Beidh gach oifig an phoist ar oscailt go dtí 1pm Aoine an Chéasta, an 29 Márta. Beidh na hoifigí poist dúnta Dé Sathairn an 30 Márta agus Luan Cásca an 1 Aibreán 2024.
Seans go dtiocfaidh athrú ar dháta d’íocaíocht leasa shóisialaigh le linn shaoire na Cásca.
Bheadh mórchuid na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh le híoc Dé hAoine an 29 Márta nó Dé Luain an 1 Aibreán, ach is amhlaidh a íocfar iad Déardaoin an 28 Márta.
Fillfidh na dátaí le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar an ngnáthphatrún ó Dé Máirt an 2 Aibreán 2024 ar aghaidh.
Déanfar íocaíochtaí ríomhaistrithe airgid agus seiceanna do chuardaitheoirí poist shealadaigh a phróiseáil Déardaoin an 28 Aibreán 2024.
Le nach gcuirfí moill ar d’íocaíocht, cuir do dhearbhú isteach don tseachtain dar críoch an 26/27 Márta roimh:
Má chuireann tú do dhearbhú isteach roimh an spriocdháta seo, beidh d’íocaíocht ar fáil le bailiú nó i do chuntas bainc faoin gCéadaoin an 3 Aibreán.
Mura bhfuil tú in ann do phatrún oibre ionchais a sholáthar roimh an spriocdháta seo, is féidir leat do dhearbhú a chur isteach mar is gnách. Cuirfear moill ar d’íocaíocht, áfach.