Straitéis Bealaí chun Oibre 2021 - 2025
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é Bealaí Chun Oibre 2021-2025 straitéis náisiúnta seirbhísí fostaíochta an rialtais; creat foriomlán an rialtais maidir le beartas gníomhachtaithe agus tacaíochta fostaíochta.
Is í aidhm na straitéise cabhrú le daoine filleadh ar an obair de réir mar a théarnaíonn an geilleagar agus an margadh saothair ó COVID-19.
Is cuid lárnach den Phlean Náisiúnta Téarnaimh Eacnamaíochta an straitéis seo, go háirithe dá dara Colún maidir le 'Cúnamh a thabhairt do dhaoine filleadh ar an obair'. Is é aidhm Bealaí Chun Oibre a chinntiú go líonann daoine atá dífhostaithe an oiread deiseanna fostaíochta agus is féidir.
Leagtar amach sa straitéis seo conas is féidir leis an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí seirbhísí éifeachtacha a sholáthar i margadh saothair iar-COVID, le héilimh mhéadaithe ar sheirbhísí den sórt sin i measc iad siúd a chaill post go buan mar thoradh ar an bpaindéim.
Ina theannta sin, tá an straitéis deartha chun tacú leo siúd a bhí dífhostaithe roimh an bpaindéim, iad siúd atá ag iarraidh filleadh ar an obair nó a bheith páirteach sa bhfórsa saothair agus iad siúd a bhfuil constaicí breise rompu ó thaobh obair a fháil, d’fhonn torthaí deiseanna fostaíochta níos fearr a chur chun cinn do chách.
Tabharfar faoi athbhreithniú meántréimhseach in 2023.
1. Ag Obair do Chuardaitheoirí Poist
Cuidiú le cuardaitheoirí poist ullmhú d'fhostaíocht agus í a fháil chomh tapa agus is féidir.
2. Ag Obair d’Fhostóirí
É a dhéanamh éasca d’fhostóirí oibrithe a earcú agus earcú cuardaitheoirí poist dífhostaithe, lena n-áirítear daoine óga, a spreagadh.
3. Ag Obair don Obair
A chinntiú go dtacaíonn an córas leasa le daoine dul i mbun fostaíochta agus go n-éascaítear an t-aistriú sin.
4. Ag Obair do Chách - Gan Aon Duine a Fhágáil Taobh Thiar
Tacaíochtaí fostaíochta spriocdhírithe a leathnú chuig grúpaí a bhfuil dúshláin bhreise rompu rochtain a fháil ar obair mar dhaoine faoi mhíchumas, tuismitheoirí aonair agus grúpaí mionlaigh, lena n-áirítear an Lucht Siúil.
5. Ag Obair le Fianaise
Seirbhísí agus tacaíochtaí a sholáthar a bhfuil fianaise ann go n-oibríonn siad.
Bhí fíor-dhrochthionchar ag paindéim COVID-19 ar mhargadh saothair na hÉireann. I bhfianaise chúlra an dúshláin seo, leagann Bealaí Chun Oibre 2021-2025 amach a uaillmhian dífhostaíocht a thabhairt ar ais go dtí a leibhéil réamh-phaindéime in 2019 nó faoina bhun, trí 83 tiomantas a sheachadadh faoi chúig Snáithe Gníomhaíochta.
Tugann an réamhrá forbhreathnú ar an gcomhthéacs ina bhfuil Bealaí chun Oibre 2021-2025 leagtha amach agus ról Intreo na Seirbhíse Fostaíochta Poiblí. Breathnaíonn sé freisin ar na dúshláin atá roimh Intreo agus a chomhpháirtithe sa tréimhse amach romhainn. Mar fhreagairt ar na dúshláin seo, leagann Bealaí Chun Oibre amach cúig Shnáithe Gníomhaíochta, le 83 tiomantas agus 19 príomhtháscaire feidhmíochta mar bhonn leo.
Beidh ról tábhachtach ag Comhairle Chomhairleach an Mhargaidh Saothair maidir le monatóireacht a dhéanamh ar an straitéis Bealaí chun Oibre, go háirithe trí thacú leis an athbhreithniú meántréimhseach in 2023.
Cuidiú le cuardaitheoirí poist ullmhú d'fhostaíocht agus í a fháil chomh tapa agus is féidir.
Go simplí, is é aidhm nó misean Intreo, nó aon tSeirbhís Fostaíochta Poiblí, cabhrú le daoine atá dífhostaithe fostaíocht a fháil agus a choinneáil. Déanann sé é seo trí oibriú le cuardaitheoirí poist agus le fostóirí.
Oibríonn Intreo le raon leathan comhpháirtithe, lena n-áirítear an earnáil Breisoideachais agus Oiliúna. Caithfidh Intreo oiriúnú agus freagairt anois le hacmhainn agus scála trí mhéadú a dhéanamh ar acmhainn Cás-Oifigeach agus cláir. Déanfaidh sé an méid seo a leanas freisin:
É a dhéanamh éasca d’fhostóirí oibrithe a fhostú agus earcú cuardaitheoirí poist dífhostaithe, lena n-áirítear daoine óga, a spreagadh.
Tá rath aon straitéise Bealaí chun Oibre ag brath ar dhá ghné:
Braitheann éifeachtacht na ngealltanas sa straitéis seo ar chumas agus toilteanas fostóirí fostaíocht a thairiscint go ginearálta ach, go háirithe, do dhaoine dífhostaithe. Dá bhrí sin, trí Bealaí Chun Oibre 2021-2025, tá Intreo ag neartú a rannpháirtíochta le fostóirí agus ag tacú leo cuardaitheoirí poist dífhostaithe a earcú.
A chinntiú go dtacaíonn an córas leasa le daoine dul i mbun fostaíochta agus go n-éascaítear an t-aistriú sin.
Faoi Bealaí Chun Oibre 2021-2025, tá an Rialtas ag gealladh go bhfeabhsófar an córas leasa ionas go dtacóidh sé leis an obair chomh maith agus is féidir.
Tacaíochtaí fostaíochta spriocdhírithe a leathnú chuig grúpaí a bhfuil dúshláin bhreise rompu mar dhaoine faoi mhíchumas, tuismitheoirí aonair agus grúpaí mionlaigh, lena n-áirítear an Lucht Siúil.
Féachann Bealaí Chun Oibre 2021-2025, agus iad ag freagairt do na dúshláin a chuireann COVID-19 i láthair, torthaí deiseanna fostaíochta níos fearr a chur chun cinn do chách.
Bainfear é seo amach trí bhearta atá deartha dóibh siúd ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus ar an imeall agus daoine eile a bhfuil constaicí rompu maidir le hobair a fháil, lena n-áirítear tuismitheoirí aonair, daoine faoi mhíchumas, oibrithe níos sine agus daoine atá ag filleadh ar an obair, daoine óga agus baill den Lucht Siúil agus na Romach.
Seirbhísí agus tacaíochtaí a sholáthar a bhfuil fianaise ann go n-oibríonn siad.
Chun a chinntiú go gcuirtear Bealaí Chun Oibre 2021-2025 i bhfeidhm go héifeachtach caithfear a chur chuige a bheith bunaithe ar fhianaise agus go bhfuil creat láidir monatóireachta agus tuairiscithe i bhfeidhm d’fhonn aon saincheisteanna a bhaineann le seachadadh a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu.
Dá bhrí sin, tríd an straitéis seo, tiomnaíonn an roinn cláir ghníomhacha mhargadh an tsaothair a mheas chun bonn eolais a chur faoi bheartas agus chun tuairisciú agus monatóireacht rialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise. Bainfear é seo amach le tuarascálacha bliantúla agus athbhreithniú meántréimhse in 2023, le tacaíocht ó Chomhairle Chomhairleach an Mhargaidh Saothair.
Clár na dTiomantas
Cuireann sé seo an tsraith iomlán tiomantas i láthair mar aon leis an spriocdháta le haghaidh seachadta agus an phríomh-roinn/ghníomhaireacht atá freagrach as a sheachadadh.
Pathways to Work 2021-2025 - Technical Paper
Aug 2021
Achoimre: Is í aidhm na straitéise cabhrú le daoine filleadh ar an obair de réir mar a théarnaíonn an geilleagar agus an margadh saothair ó COVID-19.
Keywords: Straitéis Bealaí chun Oibre 2021 - 2025, Straitéis Bealaí chun Oibre, Bealaí chun Oibre