Toghcháin Eorpacha
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Toghtar Parlaimint na hEorpa chun leasa shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. Tá cumhachtaí reachtaíochta, buiséideacha agus maoirseachta aige lena n-imríonn sé páirt thábhachtach i bpróiseas reachtaíochta an AE, san obair le buiséad bliantúil an AE a mhúnlú agus maoirseacht ar an ngeilleagar.
Reáchtáiltear toghcháin dhíreacha chun Parlaimint na hEorpa gach cúig bliana. Tarlaíonn toghcháin in imeacht tréimhse ceithre lá, i mí na Bealtaine nó an Mheithimh de ghnáth, ar fud an Aontais Eorpaigh. Déanann an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiύil ordú lena socraítear an lá agus na huaireanta don vótaíocht, a chaithfidh maireachtáil ar feadh 12 uair an chloig ar a laghad idir 7am agus 10.30pm.
Átha Cliath; an Deisceart; agus Lár Tíre-An t-Iarthuaisceart. Leagtar na toghcheantair amach san Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa (Leasú) 2014.
Reáchtáladh toghcháin in Éirinn Dé hAoine 23 Bealtaine 2014. Toghadh aon Fheisire déag sna trí thoghcheantair i gcomhair théarma parlaiminte 2014 – 2019.
Foráltar le haghaidh rialacha maidir le caiteachais ag toghcháin Eorpacha, agus teorainn ar chaiteachais a dhéanann iarrthóirí san Acht Toghcháin 1997.
Féach ar Shuíomh Idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí le tuilleadh faisnéise a fháil.
Féach ar Shuíomh Idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí le tuilleadh faisnéise a fháil.