Toghchán an Uachtaráin
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Uachtarán na hÉireann tofa go díreach ag muintir na hÉireann go ceann tréimhse seacht mbliana. Ní féidir leo breis agus dhá théarma oifige a chur isteach. Ní mór toghchán uachtaránachta a chur ar bun laistigh de 60 lá ó dhul in éag théarma oifige an uachtaráin atá ag dul as oifig. Má tharlaíonn folúntas sula dtabharfar gnáth-théarma oifige chun críche, cuirtear an toghchán ar bun laistigh de 60 lá tar éis don fholúntas a tharlú. Déantar an vótáil trí bhallóid rúnda ar an gcóras aonvóta inaistrithe.
Déanann an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiύil ordú ina leagtar síos an lá deireanach le hainmníochtaí a ghlacadh, lá na vótála agus an tréimhse le haghaidh vótála. Ní mór an tréimhse le haghaidh vótála a mhaireachtáil 12 uair an chloig ar a laghad idir 7:00am agus 10:30pm.
Tá na príomhfhorálacha dlíthiúla a bhaineann le toghchán an Uachtaráin le fáil in Alt 12 den Bhunreacht – féach Bunreacht na hÉireann agus in Acht Toghchán an Uachtaráin 1993 arna leasú – féach Acht Toghchán an Uachtaráin, 1993.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar bhileog eolais - an tSlí a dToghtar an tUachtarán.