Céard é TeachtaireachtaíIE?
- Foilsithe: 23 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 3 Iúil 2025
Céard é an TeachtaireachtaíIE?
An réiteach um sheachadadh slán poist le haghaidh teachtaireachtaí Rialtais.
Beidh do TeachtaireachtaíIE tiomnaithe féin agat agus is agatsa amháin a bheidh rochtain air.
Tabharfaidh sé rochtain duit ar do chuid teachtaireachtaí Rialtais go léir in aon áit amháin atá sábháilte agus slán.
Is rogha eile é an TeachtaireachtaíIE seachas post fisiciúil a sheachadadh.
Cuirfidh sé ar chumas Comhlachtaí Poiblí litreacha, teachtaireachtaí agus cáipéisí a sheoladh go leictreonach ar bhealach atá slán agus éifeachtúil ó thaobh costais de, agus tabharfaidh sé rochtain thapa, éifeachtúil agus éasca duit ar do TeachtaireachtaíIE.
Is é an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe a fheidhmíonn an TeachtaireachtaíIE
Tosaigh ag úsáid TeachtaireachtaíIE Inniu
Is féidir logáil isteach ar na seirbhísí Rialtais go léir in Éirinn trí MyGovID agus tugann sé rochtain shábháilte ar líne duit ar an TeachtaireachtaíIE.
Caithfidh cuntas MyGovID deimhnithe a bheith agat le go mbeidh tú in ann logáil isteach ar do TeachtaireachtaíIE.