Cén chaoi a n-úsáidfidh mé é?
- Foilsithe: 31 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 3 Iúil 2025
- Cén chaoi a n-úsáidfidh mé é?
- Cén chaoi le tús a chur leis
- Tosaigh ag úsáid TeachtaireachtaíIE Inniu

Cén chaoi a n-úsáidfidh mé é?
Eolas ar an gcaoi leis an TeachtaireachtaíIE a úsáidh.
Tá sé éasca an TeachtaireachtaíIE a chur ar bun agus tá sé éasca úsáid a bhaint as.
Tosaigh anois agus bain leas as na buntáistí ar fad a bhaineann le do chuntas TeachtaireachtaíIE aonair féin a bheith agat le haghaidh do chuid trachtaireachtaí Rialtais.
Cén chaoi le tús a chur leis
Is próiseas aon uaire é clárú le haghaidh cuntas um TeachtaireachtaíIE. Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait chun tús a chur leis. Cinntíonn sé sin gur féidir a fhíorú cé thú féin, rud a chosnaíonn do chuntas. Nuair a bheidh tú logáilte isteach, iarrfar ort glacadh lenár dtéarmaí agus coinníollacha, ag ligean do gach Comhlacht Seirbhíse Poiblí teachtaireachtaí a sheoladh go dtí do TeachtaireachtaíIE. Agus anois atá tú faoi lán seoil, beidh tú in ann do chuid litreacha, teachtaireachtaí agus ráiteas a fháil ar an toirt i do TeachtaireachtaíIE.
Céimeanna chun tús a chur leis:
- Téigh go dtí tairseach an Bhosca Poist Dhigitigh
- Bain úsáid as MyGovID chun logáil isteach
- Glac leis na Téarmaí agus Coinníollacha
- Glac le gach Comhlacht Seirbhíse Poiblí a bheidh ag seoladh teachtaireachtaí chugat
- Tá tú réidh le do chuid teachtaireachtaí a fháil.
Conas do chuntas a scriosadh:
Má shocraíonn tú am ar bith nach dteastaíonn uait leas a bhaint as an TeachtaireachtaíIE níos mó, is féidir leat do chuntas a scriosadh agus do thoiliú a tharraingt siar. Le haghaidh tuilleadh faisnéise cliceáil anseo.
Tosaigh ag úsáid TeachtaireachtaíIE Inniu
Is féidir logáil isteach ar na seirbhísí Rialtais go léir in Éirinn trí MyGovID agus tugann sé rochtain shábháilte ar líne duit ar an TeachtaireachtaíIE
Caithfidh cuntas MyGovID deimhnithe a bheith agat le go mbeidh tú in ann logáil isteach ar do TeachtaireachtaíIE.