Na Rialacháin maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Na Rialacháin maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil


I mí Dheireadh Fómhair 2024, shínigh an tAire Cosanta Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Athléimneacht Eintiteas Criticiúil), 2024 (I.R. Uimh. 559 de 2024). Leis na rialacháin seo, déantar Treoir (AE) 2022/2557 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a thrasuí.

Cuid dár n-iarracht chun cur le hathléimneacht seirbhísí riachtanacha a chomhlíonann feidhmeanna ríthábhachtacha sa tsochaí in Éirinn atá sna Rialacháin maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil. Bainfidh na rialacháin leis na hearnálacha seo a leanas den gheilleagar: fuinneamh, iompar, baincéireacht, bonneagar an mhargaidh airgeadais, sláinte, uisce óil, fuíolluisce, bonneagar digiteach, riarachán poiblí, spás, agus táirgeadh, próiseáil agus dáileadh bia ar mhórscála.

Ceanglas bunriachtanach atá ann faoi na Rialacháin ná go bhfoilseoidh an tAire Cosanta Straitéis Náisiúnta maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil. Cuid den obair a bhí ann leis an Straitéis Náisiúnta ná an plé le príomhpháirtithe leasmhara, na húdaráis inniúla do gach earnáil ina measc. Sa straitéis seo, leagtar amach an creat rialachais, na critéir chun eintitis chriticiúla a aithint, na hoibleagáidí sonracha a bhíonn le comhlíonadh acu agus na bearta chun an athléimneacht a threisiú, an méid sin bunaithe go háirithe ar mhalartú faisnéise níos éifeachtaí agus ar chomhar níos fearr idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach. Ina theannta sin, b’éigean don Roinn Cosanta, faoi na Rialacháin, tabhairt faoi mheasúnú riosca breisithe náisiúnta chun gur fearr a bheifí in ann eintitis chriticiúla a shainaithint.

Údaráis Inniúla

Tugtar ainmneacha na nÚdarás Inniúil atá freagrach as gach ceann den 11 earnáil sa tábla thíos. Tá níos mó ná an t-aon Údarás Inniúil i gceist in earnálacha áirithe. Déanann eagraíochtaí éagsúla maoirseacht ar fho-earnálacha áirithe uaireanta mar gheall ar chineál agus castacht na seirbhísí lena mbaineann

Earnáil Údarás Inniúil
Fuinneamh An Coimisiún um Rialáil Fóntas
Iompar
Údarás Eitlíochta na hÉireann
An Coimisiún um Rialáil Iarnróid
Oifig na Suirbhéireachta Muirí
An tÚdarás Náisiúnta Iompair
Baincéireacht Banc Ceannais na hÉireann
Bonneagar an mhargaidh airgeadais Banc Ceannais na hÉireann
Sláinte
An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte
An tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte
An tAire Sláinte
Uisce óil An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
Fuíolluisce An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
Bonneagar digiteach An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide
Riarachán Poiblí Airí ranna rialtais
An Spás An tAire atá freagrach as earnáil an spáis
Táirgeadh, próiseáil agus dáileadh bia ar mhórscála
An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara

Pointe Teagmhála Aonair

An Pointe Teagmhála Aonair a bheidh ann maidir le Treoir CER i gcás na hÉireann ná an Oifig Pleanála Éigeandála sa Roinn Cosanta. Is féidir dul i dteagmháil leis an Oifig ach scríobh chuig cer@defence.ie

An Straitéis Náisiúnta maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil

Straitéis Náisiúnta na hÉireann maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil (2026–2029) foilsithe ag an Aire Cosanta, saothar atá curtha ar fáil tar éis don Roinn Cosanta dul ag obair leis na hÚdaráis Inniúla agus Ranna Rialtais cuí.

Tugtar cuntas sa Straitéis ar na bealaí a ndéanfar a chinntiú, má bhíonn teagmhais ann a chuirfeadh isteach ar sheirbhísí riachtanacha, go mbeidh eintitis chriticiúla in 11 earnáil in Éirinn in ann a leithéid a sheasamh, dul in oiriúint dóibh agus teacht ar ais ina ndiaidh.

An méid a chlúdaítear faoin Straitéis

  • An creat rialachais d'fhonn athléimneacht a bhaint amach
  • Na critéir chun eintitis chriticiúla a aithint
  • Na hoibleagáidí faoi leith a bhíonn le comhlíonadh ag na heintitis sin
  • Na bearta a theastaíonn chun athléimneacht a threisiú

Is iad seo a leanas spriocanna na straitéise:

  1. An Measúnú Riosca Náisiúnta a fheabhsú: Cur leis an modheolaíocht atá leagtha síos againn don Mheasúnú Riosca Náisiúnta chun ceanglais na rialachán a shásamh, sainaithint seirbhísí riachtanacha an stáit ina measc.
  2. Rialachas agus Comhordú a dhaingniú: Creat rialachais agus comhordaithe d'athléimneacht Eintiteas Criticiúil a chur i bhfeidhm.
  3. Athléimneacht a fheabhsú: Feabhsuithe oiriúnacha comhréireacha a spreagadh in athléimneacht na seirbhísí riachtanacha a chuireann Eintitis Chriticiúla shainaitheanta ar fáil.
  4. Maoirseacht Straitéiseach a threisiú: Forbairt a dhéanamh ar mhaoirseacht straitéiseach na Roinne Cosanta ar spleáchais ó thaobh bonneagar criticiúil de i ngach earnáil atá faoinár gcúram.
  5. Comhsheasmhacht a chinntiú ó thaobh Cibearshlándála de: Cur chuige comhsheasmhach a chinntiú sa Roinn Cosanta i leith athléimneacht Eintiteas Criticiúil agus comhsheasmhacht leis an gcur chuige náisiúnta i leith na cibearshlándála a chinntiú, feidhmiú na Treorach maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise (NIS 2) san áireamh.

Measúnú Riosca Náisiúnta

Tugtar faoin Measúnú Riosca Náisiúnta gach 3 bliana, ar ceanglas é sin i gCinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tugann an Oifig Pleanála Éigeandála faoin Measúnú Riosca i gcomhairle le gach roinn agus gníomhaireacht rialtais. Is é Tascfhórsa an Rialtais um Pleanáil Éigeandála a dhéanann é a cheadú.

Tá próiseas an Mheasúnaithe Riosca Náisiúnta leasaithe chun dáta lena chinntiú go bhfuil sé ag teacht le ceanglais Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Athléimneacht Eintiteas Criticiúil), 2024.

Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Athléimneacht Eintiteas Criticiúil), 2024
Amharc amharc
Measúnú Riosca Náisiúnta 2023 d'Éirinn (leasaithe chun dáta in 2026)
Measúnú Riosca Náisiúnta 2023 d'Éirinn (leasaithe chun dáta in 2026)
Amharc amharc
An Straitéis Náisiúnta maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil, 2026 – 2029
An Straitéis Náisiúnta maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil, 2026 – 2029
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat