Christine O'Rourke
- Foilsithe: 23 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 6 Bealtaine 2026
Is Abhcóide Comhairleach Grád I – Grúpa F í Christine H O’Rourke in Oifig an Ard-Aighne Thosaigh Christine le hOifig an Ard-Aighne in 1995 i ndiaidh di dhá bhliain a chaitheamh ag obair in airgeadas i Londain agus ceithre bliana a chaitheamh ag cleachtadh ag Barra na hÉireann.
Bhain Christine BA (Modhnóireacht) san Eolaíocht Dhlíthiúil amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá sí liostaithe i measc na nAbhcóidí Comhairleacha sinsearacha laistigh de struchtúr eagraíochtúil na hOifige agus is oifigeach poiblí ainmnithe í faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.